Tiomna Nua

Matha 21:21-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

21. Agus d'fhreagair Íosa iad, “Deirim go fírinneach libh, má bhíonn creideamh agaibh agus má bhíonn sibh gan drochamhras, ní dhéanfaidh sibh an ní seo amháin a rinn­eadh leis an gcrann fige, ach go fiú má deir sibh leis an sliabh seo, ‘Tógtar in airde thú agus caitear amach san fharraige thú,’ go ndéanfar amhlaidh.

22. Agus cibé rud a iarras sibh san urnaí, gheobhaidh sibh é, ach creideamh a bheith agaibh.”

23. Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teampall, tháinig na hardsagairt agus seanóirí an phobail aníos chuige nuair a bhí sé ag teagasc, gur fhiafraigh siad de, “Cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás seo duit?”

24. D'fhreagair Íosa iad, “Cuirfidh mise aon cheist amháin oraibh freisin; agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mise daoibh freisin cad é an t‑údarás atá agam agus mé ag déanamh na nithe seo.

25. Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’

26. Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.”

27. Mar sin de thug siad mar fhreagra ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus dúirt sé leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.

28. “Cad é bhur mbarúil? Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige; agus chuaigh sé chuig an gcéad duine acu agus dúirt sé, ‘A mhic, siúil leat agus oibrigh san fhíonghort inniu.’

29. Agus d'fhreagair sé, ‘Ní dhéanfaidh’; ach bhí aithreachas air ina dhiaidh agus chuaigh sé ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 21