Tiomna Nua

Matha 21:15-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

15. Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu;

16. agus d'fhiafraigh siad de, “An gcluineann tú cad é atá siad seo á rá?” Agus dúirt Íosa leo, “Cluinim; nár léigh sibh riamh,‘Is as béal na naíonán agus na leanaí diúila thug tú fíormholadh’?”

17. Agus d'fhág sé iad, agus shiúil sé amach as an gcathair go Bétáin gur fhan an oíche ansin.

18. Ar maidin, ar a bhealach ar áis chun na cathrach, bhí ocras air.

19. Agus chonaic sé crann fige ar thaobh an bhóthair agus chuaigh sé go dtí é, agus ní bhfuair air ach duilleoga amháin. Agus dúirt sé leis, “Nár thaga aon toradh uait arís choíche!” Agus feodh an crann fige ar an toirt.

20. Nuair a chonaic na deisceabail é rinne siad iontas de agus dúirt siad, “Cad é a thug ar an gcrann fige feo chomh tobann sin?”

21. Agus d'fhreagair Íosa iad, “Deirim go fírinneach libh, má bhíonn creideamh agaibh agus má bhíonn sibh gan drochamhras, ní dhéanfaidh sibh an ní seo amháin a rinn­eadh leis an gcrann fige, ach go fiú má deir sibh leis an sliabh seo, ‘Tógtar in airde thú agus caitear amach san fharraige thú,’ go ndéanfar amhlaidh.

22. Agus cibé rud a iarras sibh san urnaí, gheobhaidh sibh é, ach creideamh a bheith agaibh.”

23. Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teampall, tháinig na hardsagairt agus seanóirí an phobail aníos chuige nuair a bhí sé ag teagasc, gur fhiafraigh siad de, “Cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás seo duit?”

24. D'fhreagair Íosa iad, “Cuirfidh mise aon cheist amháin oraibh freisin; agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mise daoibh freisin cad é an t‑údarás atá agam agus mé ag déanamh na nithe seo.

25. Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’

26. Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.”

27. Mar sin de thug siad mar fhreagra ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus dúirt sé leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.

28. “Cad é bhur mbarúil? Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige; agus chuaigh sé chuig an gcéad duine acu agus dúirt sé, ‘A mhic, siúil leat agus oibrigh san fhíonghort inniu.’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 21