23. Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh m'Athair dóibh é”.
24. Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha.
25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu.
26. Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh,
27. agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh;
28. dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.”
29. Nuair a d'imigh siad as Iericó, lean slua mór é.
30. Agus b'shiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”
31. Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”
32. Agus sheas Íosa agus ghlaoigh sé orthu, ag rá leo, “Cad é atá uaibh a dhéanfas mé daoibh?”
33. Dúirt siad leis, “A Thiarna, osclaítear ár súilene.”
34. Agus le trua a bhí air leag Íosa a mhéar ar a súile, agus ar an toirt fuair siad a n‑amharc agus lean siad é.