Tiomna Nua

Matha 15:5-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Ach is é a bhíos á rá agaibhse, ‘Má insíonn duine dá athair nó dá mháthair, An rud a bhí agam le tabhairt duitse is tabhartas do Dhia é, níl aon fheidhm air onóir a thabhairt dá athair.’

6. Dá bhrí sin de, tá briathar Dé curtha ar ceal agaibh mar mhaithe le bhur nós úd.

7. A dhream an chrábhaidh bhréige! Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, nuair a dúirt sé:

8. ‘Tugann an mhuintir seo onóir dom lena mbéal,ach is fada uaim a gcroí;

9. is díomhaoin an t‑adhradh a thugann siad dom,agus gan sa teagasc a bhíos á theagasc acu ach ar ordaigh daoine.’”

10. Agus ghlaoigh sé na daoine chuige go ndúirt sé leo, “Éistigí leis seo agus tuigigí:

11. ní hé an ní a théas isteach sa bhéal a shalaíos an duine, ach an ní a thagas amach as an mbéal, sin an ní a shalaíos an duine.”

12. Tháinig na deis­ceabail chuige ansin agus dúirt siad leis, “Nach bhfuil fhios agat gur ghlac na Fairiséigh scannal nuair a chuala siad an rá sin agat?”

13. Ba é a d'fhreagair sé, “Níl aon phlanda nach bhfuil curtha ag m'Athair neamhaí nach dtarraingeofar amach as na fréamhacha.

14. Ná bainigí leo; is iad na treoraithe dalla iad. Má threoraíonn dall dall, titfidh siad ar aon i bpoll.”

15. Ach dúirt Peadar leis, “Mínigh an fáithscéal dúinn.”

16. Agus dúirt sé, “An bhfuil sibhse go fóill gan tuiscint freisin?

17. Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra?

18. Ach an ní a thagas amach ar an mbéal is ón gcroí a thagas sé, agus salaíonn seo an duine.

19. Mar is iad a thagas as an gcroí na drochsmaointe, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an drúis, an ghadaíocht, an fhianaise bhréige, an t‑ithiomrá.

20. Is iadsan a shalaíos an duine; ach ní shalaíonn sé duine má chaitheann sé bia le lámha nár níodh.”

21. Agus d'imigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 15