Tiomna Nua

Matha 15:32-39 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Ba ansin a ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige go ndúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, mar tá siad na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan bia le caitheamh acu; agus tá leisce orm á gcur uaim agus ocras orthu, ar eagla go dtite siad i laige ar an tslí.”

33. Agus d'fhiafraigh na deis­ceabail de, “Cá has a bhfaighimid arán go leor san fhásach lena sá bia a thabhairt do shlua chomh mór leis?”

34. Agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “Cé mhéid builíní atá agaibh?” Agus dúirt siad, “Seacht mbuilín agus dornán de mhionéisc.”

35. Agus d'ordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh,

36. agus ghlac sé na seacht mbuilín agus an t‑iasc, agus d'altaigh sé iad agus roinn sé iad agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

37. Agus d'ith siad uile go léir a sá; agus tógadh seacht gciseán lána den fhuílleach a bhí fágtha.

38. An méid a d'ith bhí siad ceithre mhíle fear ann, gan mná ná páistí a chur san áireamh.

39. Agus nuair a bhí na sluaite scaoilte chun siúil aige, chuaigh sé ar an mbád agus d'imigh sé leis go críocha Mhagadáin.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 15