Tiomna Nua

Matha 15:22-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Agus b'shiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp m'iníne.”

23. Ach níor thug sé focal de fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail chuige agus chuir siad achainí air agus dúirt siad, “Cuir ar shiúl í, mar tá sí ag screadach inár ndiaidh.”

24. Ba é a fhreagra, “Níor cuireadh mise ach amháin chuig caoirigh sheachráin de theaghlach Iosrael.”

25. Ach tháinig sise go ndeachaigh ar a glúine roimhe, á rá, “A Thiarna, cuidigh liom.”

26. Agus d'fhreagair sé, “Ní cóir é breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chun na gcoileán.”

27. Agus ar sise, “Is fíor sin duit, a Thiarna, ach bíonn cead ag na coileáin bheith ag ithe a dtiteann de ghrabhróga ó bhord a máistir.”

28. Ba ansin a d'fhreagair Íosa í, “A bhean úd an mhórchreidimh! Bíodh agat mar atá iarrtha agat.” Agus slánaíodh a hiníon ar an toirt.

29. Agus d'fhág Íosa an áit úd agus chuaigh thart faoi bhruach Mhuir Ghalailí agus suas faoi na cnoic, gur shuigh ansin.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 15