Tiomna Nua

Matha 15:20-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. Is iadsan a shalaíos an duine; ach ní shalaíonn sé duine má chaitheann sé bia le lámha nár níodh.”

21. Agus d'imigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin.

22. Agus b'shiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp m'iníne.”

23. Ach níor thug sé focal de fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail chuige agus chuir siad achainí air agus dúirt siad, “Cuir ar shiúl í, mar tá sí ag screadach inár ndiaidh.”

24. Ba é a fhreagra, “Níor cuireadh mise ach amháin chuig caoirigh sheachráin de theaghlach Iosrael.”

25. Ach tháinig sise go ndeachaigh ar a glúine roimhe, á rá, “A Thiarna, cuidigh liom.”

26. Agus d'fhreagair sé, “Ní cóir é breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chun na gcoileán.”

27. Agus ar sise, “Is fíor sin duit, a Thiarna, ach bíonn cead ag na coileáin bheith ag ithe a dtiteann de ghrabhróga ó bhord a máistir.”

28. Ba ansin a d'fhreagair Íosa í, “A bhean úd an mhórchreidimh! Bíodh agat mar atá iarrtha agat.” Agus slánaíodh a hiníon ar an toirt.

29. Agus d'fhág Íosa an áit úd agus chuaigh thart faoi bhruach Mhuir Ghalailí agus suas faoi na cnoic, gur shuigh ansin.

30. Agus tháinig sluaite móra chuige, agus iad ag iompar leo na gcláiríneach agus na gciothramach, na ndall agus na mbalbhán, agus mórán othar eile, gur lig anuas ag a chosa iad, agus leigheas sé iad,

31. sa chaoi go ndearna an slua iontas de, nuair a chonaic siad na balbháin ag labhairt, a mbaill beatha ag na ciothramaigh, na cláirínigh ag siúl, agus an t‑amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

32. Ba ansin a ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige go ndúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, mar tá siad na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan bia le caitheamh acu; agus tá leisce orm á gcur uaim agus ocras orthu, ar eagla go dtite siad i laige ar an tslí.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 15