Tiomna Nua

Matha 14:24-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. ach faoin am seo bhí an bád mórán stáid amach ón talamh, agus é á choscairt ag na tonnta; mar bhí an ghaoth ina n‑éadan.

25. Agus tháinig sé chucu sa cheathrú faire den oíche, agus é ag siúl na farraige.

26. Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu.

27. Ach labhair sé leo ar an móimint, agus dúirt sé leo, “Bíodh uchtach agaibh, is mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

28. Agus d'fhreagair Peadar é, “A Thiarna, más tú atá ann, ordaigh dom teacht chugat ar uachtar an uisce.”

29. “Tar”, ar seisean leis. D'éirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce;

30. ach nuair a chonaic sé an ghaoth, bhí eagla air, agus thosaigh sé ar dhul faoi agus dúirt sé in ard a chinn, “A Thiarna, tarrthaigh mé.”

31. Shín Íosa a lámh amach ar an bpointe ag breith air, agus dúirt sé leis, “A fhir an chreidimh bhig, cad chuige duit bheith in amhras?”

32. Agus nuair a chuaigh siad ar bhord an bháid, thit an ghaoth.

33. Agus thug a raibh sa bhád adhradh dó, agus iad á rá, “Is fíor gur tú Mac Dé.”

34. Nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genesaret.

35. Agus nuair a d'aithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite,

36. agus d'iarr siad air ligean dóibh gan ach a lámha a leagan ar fhrainse a fhallainge; agus slánaíodh ar leag lámh air.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 14