16. “Ach cé an tsamhail a thabharfaidh mé don ghlúin seo?Is í an tsamhail atá orthu, páistí ina suí i sráid an mhargaidh agus ag glaoch ar na páistí eile atá ag súgradh leo,
17. ‘Sheinneamar na píobaí daoibh, agus ní dhearna sibh damhsa;rinneamar mairgneach, agus ní dhearna sibh brón.’
18. Mar tháinig Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad ‘Tá deamhan ina chorp’;
19. agus tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus is é a deir siad, ‘Seo craosaire bia agus pótaire fíona, seo cara na mbailitheoirí cánacha agus na bpeacach!’ Ach tugann a bearta a ceart don eagnaíocht.”
20. Ba ansin a thosaigh sé ar cháineadh na gcathracha ba mhó a ndearna sé móroibreacha iontu, as siocair gan aithrí a bheith orthu.
21. “Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu.
22. Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse.
23. Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú? Is é rud, ísleofar go Háidéas thú. Mar dá mba i Sodóm a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionatsa, bheadh sé ag fanacht ina sheasamh go dtí an lá inniu.
24. Ach deirimse libh gur éadroime an bhreith a thabharfar lá an bhreithiúnais ar Thír Shodóim ná an bhreith a thabharfar ort.”
25. Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad;
26. is ea, bhí sin amhlaidh, a Athair, ba é sin do thoil agus do dheoin.
27. Tá gach uile ní tugtha uaidh i mo láimh ag m'Athairse; agus ní aithnid an Mac d'aon duine ach don Athair, agus ní aithnid an tAthair d'aon duine ach don Mhac agus duine ar bith a dtoilíonn an Mac a nochtadh dó.
28. Tagaigí chugamsa, a dhream úd a mbíonn saothar mór agus ualaí troma oraibh, agus tabharfaidh mé suaimhneas daoibh.