Tiomna Nua

Matha 10:8-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Leigheasaigí na daoine breoite, tógaigí na marbháin, glanaigí na Iobhair, díbrígí na deamhain. Fuair sibh saor in aisce, tugaigí uaibh saor in aisce.

9. Ná hiompraígí airgead buí, geal ná rua faoi bhur gcriosanna.

10. Ná bíodh aon mhála agaibh le haghaidh bhur n‑aistir, ná dhá léine, ná cuaráin, ná bata agaibh; mar is fiú an t‑oibrí a chuid a thabhairt dó.

11. Agus cibé baile mór nó baile beag a dtéann sibh ann, faighigí amach cé atá fiúntach ann, agus fanaigí aige ansin go n‑imí sibh.

12. Beannaigí don teach ag dul isteach ann daoibh.

13. Agus más fiú an teach é, tagadh an tsíocháin is agaibhse air; ach mura fiú é bhur síocháin a bheith aige, filleadh bhur síocháin oraibh ar ais.

14. Agus mura gcuireann duine fáilte romhaibh agus mura dtugann sé éisteacht do bhur mbriathra, croithigí an deannach de bhur gcosa nuair a fhágas sibh an teach úd nó an baile úd.

15. Deirim go fírinneach libh, is éadroime an bhreith a thabharfar ar thír Shodóim agus ar Ghomora lá an bhreithiúnais ná an bhreith a thabharfar ar an mbaile úd.

16. “Seo mé do bhur gcur amach uaim mar chaoirigh i measc mac tíre; bígí mar sin chomh glic le nathracha nimhe agus chomh soineanta le coilm.

17. Seachnaígí na daoine; nó cuirfidh siad i lámha comhairlí sibh, agus beidh siad do bhur sciúrsáil ina sionagóga,

18. agus tarraingeoidh siad leo sibh os comhair na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liomsa, le fianaise a thabhairt os a gcoinne siúd agus os coinne na nGintlithe.

19. Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh;

20. Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal.

21. Tabharfaidh an bráthair an bráthair lena bhású, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí go dtuga siad orthu bheith á gcur chun báis;

22. agus beidh fuath ag an saol oraibh mar mhaithe le m'ainmse. Ach an té a bhíos buan-seasmhach go deireadh is é a shlánófar.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 10