32. Dá bhrí sin de, an té sin a admhaíos mé os comhair na ndaoine, admhóidh mé é os comhair m'Athar atá ar neamh;
33. ach an té a shéanas mé os comhair na ndaoine, séanfaidh mise é os comhair m'Athar atá ar neamh.
34. “Ná síligí gur tháinig mise le síocháin a tabhairt ar an talamh; níor tháinig mé ag tabhairt na síochána liom, ach ag tabhairt claímh liom.
35. Mar tháinig mise le fear a chur in aghaidh a athar, agus leis an iníon a chur in aghaidh a máthar, agus le bean an mhic a chur in aghaidh a máthair chéile;
36. agus is iad a lucht aontís féin a bheas mar naimhde ag fear.
37. An té ar fearr leis a athair nó a mháthair ná mé ní fiú liom agam é; agus an té ar fearr leis a mhac nó a iníon ná mé ní fiú liom agam é;
38. agus an té nach dtógann a chrois air agus nach leanann mé ní fiú liom agam é.
39. Agus an té a gheobhas a bheo caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liomsa is é a gheobhas a bheo.
40. “An té a ghlacas liomsa glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.
41. An té a ghlacas le fáidh cionn is é a bheith ina fháidh gheobhaidh sé luach saothair fáidh, agus an té a ghlacas le firéan cionn is é a bheith ina fhíréan gheobhaidh sé luach saothair fíréin.
42. Agus cibé ar bith duine a thabharfas chomh beag le cupán d'uisce fuar d'aon duine de na miondaoine seo cionn is é a bheith ina dheisceabal, deirim libh go fíor nach mbeidh sé gan luach saothair.”