Tiomna Nua

Matha 10:23-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. Nuair a chuireann siad géarleanúint oraibh i mbaile mór amháin, teithigí go dtí baile mór eile; mar deirim libh go fíor, nach mbeidh bailte móra Iosrael uile siúlta agaibh, go dtaga Mac an duine.

24. “Ní fearr an deisceabal ná oide a mhúinte, agus ní fearr an seirbhíseach ná a mháistir;

25. is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?

26. “Ná bíodh aon eagla oraibh rompu mar sin; mar níl ní dá bhfuil i gceilt nach nochtfar, ná ní dá bhfuil i bhfolach nach mbeidh ar eolas.

27. An ní a insím daoibh faoi dhorchadas, fógraigí an ní sin sa solas; agus an ní a chluineas sibh i gcogar, foilsigí os ard é i mullaí na dtithe.

28. Agus ná bíodh eagla oraibh roimh an dream a mharaíos an corp agus nach féidir leo an t‑anam a mharú, ach ina ionad sin bíodh eagla oraibh roimh an té sin arbh fhéidir leis idir chorp agus anam a scriosadh in ifreann.

29. Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar phingin? Agus ní thitfidh aon ghealbhan acu chun talaimh mura dtoilíonn bhur nAthair é.

30. Ach bíonn go fiú ribí bhur gcinn á gcomhaireamh.

31. Ná bíodh eagla oraibh mar sin; is fiú mórán níos mó ná a lán gealbhan sibh.

32. Dá bhrí sin de, an té sin a admhaíos mé os comhair na ndaoine, admhóidh mé é os comhair m'Athar atá ar neamh;

33. ach an té a shéanas mé os comhair na ndaoine, séanfaidh mise é os comhair m'Athar atá ar neamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 10