Tiomna Nua

Matha 10:17-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Seachnaígí na daoine; nó cuirfidh siad i lámha comhairlí sibh, agus beidh siad do bhur sciúrsáil ina sionagóga,

18. agus tarraingeoidh siad leo sibh os comhair na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liomsa, le fianaise a thabhairt os a gcoinne siúd agus os coinne na nGintlithe.

19. Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh;

20. Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal.

21. Tabharfaidh an bráthair an bráthair lena bhású, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí go dtuga siad orthu bheith á gcur chun báis;

22. agus beidh fuath ag an saol oraibh mar mhaithe le m'ainmse. Ach an té a bhíos buan-seasmhach go deireadh is é a shlánófar.

23. Nuair a chuireann siad géarleanúint oraibh i mbaile mór amháin, teithigí go dtí baile mór eile; mar deirim libh go fíor, nach mbeidh bailte móra Iosrael uile siúlta agaibh, go dtaga Mac an duine.

24. “Ní fearr an deisceabal ná oide a mhúinte, agus ní fearr an seirbhíseach ná a mháistir;

25. is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?

26. “Ná bíodh aon eagla oraibh rompu mar sin; mar níl ní dá bhfuil i gceilt nach nochtfar, ná ní dá bhfuil i bhfolach nach mbeidh ar eolas.

27. An ní a insím daoibh faoi dhorchadas, fógraigí an ní sin sa solas; agus an ní a chluineas sibh i gcogar, foilsigí os ard é i mullaí na dtithe.

28. Agus ná bíodh eagla oraibh roimh an dream a mharaíos an corp agus nach féidir leo an t‑anam a mharú, ach ina ionad sin bíodh eagla oraibh roimh an té sin arbh fhéidir leis idir chorp agus anam a scriosadh in ifreann.

29. Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar phingin? Agus ní thitfidh aon ghealbhan acu chun talaimh mura dtoilíonn bhur nAthair é.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 10