6. Mar ní raibh fhios aige cad é a déarfadh sé, agus bhí móreagla orthu.
7. Agus tháinig néal tharstu, agus bhí siad faoina scáth, agus tháinig an glór as an néal, “Is é seo mo Mhac ionúin, éistigí leis.”
8. Agus ar an bpointe sin d'fhéach siad ina dtimpeall agus ní fhaca siad aon duine ina bhfochair ach Íosa amháin.
9. Agus nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh thug sé orthu gan insint d'aon duine faoina bhfaca siad go dtí go n‑éireodh Mac an duine ó na mairbh.
10. Mar sin rinne siad rún de, agus iad ag cur ceisteanna ar a chéile cad é ba chiall dó mar éirí ó na mairbh.”
11. Agus d'fhiafraigh siad de, “Cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elia teacht an chéad uair?”
12. Agus is é a dúirt sé leo, “Ar ndóigh tagann Elia an chéad uair le rudaí a chur ar ais ina riocht féin; ach cad é mar a bhfuil sé scríofa i dtaobh Mhac an duine, go bhfulaingeoidh sé mórán agus go mbeidh sé faoi dhímheas?
13. Ach is é a deirim libh go bhfuil Elia i ndiaidh teacht, agus go bhfuil a rogha rud déanta acu leis, mar atá scríofa faoi.”
14. Agus nuair a tháinig siad go dtí na deisceabail, chonaic siad mórshlua timpeall orthu, agus scríobhaithe ag argóint leo.
15. Agus nuair a chonaic an slua é, bhí iontas orthu, agus rith siad chuige a chur fáilte roimhe.
16. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é sin atá á phlé agaibh leo?”
17. Agus d'fhreagair duine den slua é agus dúirt, “A Oide, thug me chugat mo mhacsa, mar tá sprid bhalbh ann;
18. agus cibé áit a mbeireann sí air, caitheann sí ar lár é; agus tagann cúr lena bhéal agus díoscán fiacal agus fágtar stromptha é; agus d'iarr mé ar do dheisceabail a cur as, agus níor fhéad siad a dhéanamh.”
19. Agus ba é a fhreagra orthu, “A ghlúin an díchreidimh, Cá fhad a bheidh mé libh? Cá fhad a mbeidh foighne agam libh? Tugaigí chugam é.”
20. Agus thug siad chuige an garsún; agus ní luaithe a chonaic an sprid é, ná tháinig corraí mór ar an ngarsún, agus thit sé ar an talamh, ag unfairt agus cúr lena bhéal.