Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Tiomna Nua

Marcas 9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus ar seisean leo, “Is fíor an ní atáim á rá libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go dtí go bhfeicfidh siad ríocht Dé ag teacht faoi chumhacht.”

2. Agus sé lá ina dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar agus Séamas agus Eoin, agus sheol iad go mullach ardshléibhe agus gan acu ach iad féin; agus bhí athrú crutha air ina bhfianaise,

3. agus a chuid éadaí ag glioscarnaigh, agus gile gheal iontu, nárbh fhéidir le haon úcaire talmhaí a dhéanamh.

4. Agus taibhríodh dóibh Elia agus Maois; agus iad i gcomhrá le hÍosa.

5. “A Mháistir,” arsa Peadar le hÍosa, “is maith ár mbeith anseo; déanaimis trí phuball, puball duitse agus puball do Mhaois agus puball d'Elia.”

6. Mar ní raibh fhios aige cad é a déarfadh sé, agus bhí móreagla orthu.

7. Agus tháinig néal tharstu, agus bhí siad faoina scáth, agus tháinig an glór as an néal, “Is é seo mo Mhac ionúin, éistigí leis.”

8. Agus ar an bpointe sin d'fhéach siad ina dtimpeall agus ní fhaca siad aon duine ina bhfochair ach Íosa amháin.

9. Agus nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh thug sé orthu gan insint d'aon duine faoina bhfaca siad go dtí go n‑éireodh Mac an duine ó na mairbh.

10. Mar sin rinne siad rún de, agus iad ag cur ceisteanna ar a chéile cad é ba chiall dó mar éirí ó na mairbh.”

11. Agus d'fhiafraigh siad de, “Cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elia teacht an chéad uair?”

12. Agus is é a dúirt sé leo, “Ar ndóigh tagann Elia an chéad uair le rudaí a chur ar ais ina riocht féin; ach cad é mar a bhfuil sé scríofa i dtaobh Mhac an duine, go bhfulaingeoidh sé mórán agus go mbeidh sé faoi dhímheas?

13. Ach is é a deirim libh go bhfuil Elia i ndiaidh teacht, agus go bhfuil a rogha rud déanta acu leis, mar atá scríofa faoi.”

14. Agus nuair a tháinig siad go dtí na deisceabail, chonaic siad mórshlua timpeall orthu, agus scríobhaithe ag argóint leo.

15. Agus nuair a chonaic an slua é, bhí iontas orthu, agus rith siad chuige a chur fáilte roimhe.

16. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é sin atá á phlé agaibh leo?”

17. Agus d'fhreagair duine den slua é agus dúirt, “A Oide, thug me chugat mo mhacsa, mar tá sprid bhalbh ann;

18. agus cibé áit a mbeireann sí air, caitheann sí ar lár é; agus tagann cúr lena bhéal agus díoscán fiacal agus fágtar stromptha é; agus d'iarr mé ar do dheisceabail a cur as, agus níor fhéad siad a dhéanamh.”

19. Agus ba é a fhreagra orthu, “A ghlúin an díchreidimh, Cá fhad a bheidh mé libh? Cá fhad a mbeidh foighne agam libh? Tugaigí chugam é.”

20. Agus thug siad chuige an garsún; agus ní luaithe a chonaic an sprid é, ná tháinig corraí mór ar an ngarsún, agus thit sé ar an talamh, ag unfairt agus cúr lena bhéal.

21. Agus d'fhiafraigh Íosa dá athair, “Cá fhad atá sin air?” Agus dúirt sé, “Ariamh óna óige.

22. Agus is minic a chaith sí sa tine é nó amach san uisce lena scriosadh; ach más féidir leatsa aon ní a dhéanamh, glac trua dúinn agus cuidigh linn.”

23. Agus dúirt Íosa leis, “Más féidir leatsa! Níl ní dodhéanta ag an té a chreideas.”

24. Agus leis sin scairt athair an gharsúin in ard a chinn agus dúirt sé, “Creidimse; cuidigh le mo dhíchreideamh.”

25. Agus nuair a chonaic Íosa slua ag cruinniú de rith siúil, bhagair sé ar an sprid neamhghlan agus dúirt léi, “A sprid bhodhar bhalbh, ordaím duit teacht amach as, agus ná gabh isteach ann choíche aris!”

26. Agus tar éis béiciola agus é a chorraí go mór, tháinig sí amach, agus d'fhág an garsún ina luí mar mharbhán; sa dóigh go ndúirt an chuid ba mhó acu, “Is marbh atá sé.”

27. Ach rug Íosa ar a láimh gur thóg sé den talamh é, agus d'éirigh sé ina sheasamh.

28. Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teach, d'fhiafraigh a dheisceabail de os íseal, “Cad chuige nár fhéadamar a cur amach?”

29. Agus dúirt sé leo, “Ní féidir an cineál seo deamhain a chur amach ach amháin leis an urnaí.”

30. Chuaigh siad ar aghaidh as an áit úd go ndeachaigh siad tríd an nGalailí. Agus bhí leisce air a fhios sin a bheith ag aon duine;

31. mar bhíodh sé ag múineadh a dheisceabal, agus é á rá leo, “Beifear ag brath Mhac an duine i lámha daoine, agus cuirfidh siad chun báis é; agus trí lá tar éis a chur chun báis éireoidh sé.”

32. Ach níor thuig siad an briathar sin, agus ní ligfeadh eagla dóibh fiafraí de ina thaobh.

33. Agus shroich siad Caparnáum; agus nuair a bhí sé istigh sa teach d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é sin a raibh sibh ag caint faoi ar an mbealach?”

34. Ach d'fhan siad ina dtost; mar ba é rud a raibh siad ag caint faoi le chéile cé acu ba mhó orthu.

35. Agus shuigh sé faoi agus ghlaoigh sé chuige an dáréag; agus dúirt sé leo, “An té ar mhian leis bheith ar dtús, caithfidh sé teacht ar deireadh agus a bheith ina sheirbhíseach ag cách.”

36. Agus ghlac sé leanbh, agus chuir ina sheasamh é ina lár; agus ghlac sé ina bhaclainn é, agus dúirt sé leo,

37. “Cibé duine a ghlacas i m'ainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.”

38. Dúirt Eoin leis, “A Oide, chonaiceamar fear agus é ag cur deamhan amach i d'ainmse, agus chrosamar air é, as siocair nár lean sé sinn.”

39. Ach dúirt Íosa, “Ná cros air é; mar níl duine dá n‑imreodh mórghníomh i m'ainm a d'fhéadfadh drochfhocal a labhairt i m'éadan go gairid ina dhiaidh.

40. Mar an té nach mbíonn inár n‑aghaidh, is linn a bhíonn.

41. Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil.

42. “Cibé duine a bhíos ina chúis pheaca d'aon leanbh den mhuintir bheag a chreideas ionamsa, b'fhearr dó bró mhuilinn a chrochadh faoina mhuineál agus a chaitheamh amach san fharraige.

43. Agus má bhíonn do lámh ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha agus tú ar leathláimh ná dul le do dhá láimh go hifreann, chuig an tine dhomhúchta.

45. Agus má bhíonn do chos ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha ar leathchois ná do chaitheamh isteach in ifreann agus do dhá chois ort.

47. Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat,

48. áit na péiste gan éag agus na tine gan mhúchadh.

49. Óir níl duine nach saillfear le tine.

50. Is maith é an salann; ach má chailleann an salann a ghoirte, cad é a thabharfas a bhlas dó aris? Cuireadh an salann dea-bhlas oraibh dá chéile, agus bígí i siocháin le chéile.”