Tiomna Nua

Marcas 9:40-50 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

40. Mar an té nach mbíonn inár n‑aghaidh, is linn a bhíonn.

41. Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil.

42. “Cibé duine a bhíos ina chúis pheaca d'aon leanbh den mhuintir bheag a chreideas ionamsa, b'fhearr dó bró mhuilinn a chrochadh faoina mhuineál agus a chaitheamh amach san fharraige.

43. Agus má bhíonn do lámh ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha agus tú ar leathláimh ná dul le do dhá láimh go hifreann, chuig an tine dhomhúchta.

45. Agus má bhíonn do chos ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha ar leathchois ná do chaitheamh isteach in ifreann agus do dhá chois ort.

47. Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat,

48. áit na péiste gan éag agus na tine gan mhúchadh.

49. Óir níl duine nach saillfear le tine.

50. Is maith é an salann; ach má chailleann an salann a ghoirte, cad é a thabharfas a bhlas dó aris? Cuireadh an salann dea-bhlas oraibh dá chéile, agus bígí i siocháin le chéile.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9