Tiomna Nua

Marcas 9:32-48 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Ach níor thuig siad an briathar sin, agus ní ligfeadh eagla dóibh fiafraí de ina thaobh.

33. Agus shroich siad Caparnáum; agus nuair a bhí sé istigh sa teach d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é sin a raibh sibh ag caint faoi ar an mbealach?”

34. Ach d'fhan siad ina dtost; mar ba é rud a raibh siad ag caint faoi le chéile cé acu ba mhó orthu.

35. Agus shuigh sé faoi agus ghlaoigh sé chuige an dáréag; agus dúirt sé leo, “An té ar mhian leis bheith ar dtús, caithfidh sé teacht ar deireadh agus a bheith ina sheirbhíseach ag cách.”

36. Agus ghlac sé leanbh, agus chuir ina sheasamh é ina lár; agus ghlac sé ina bhaclainn é, agus dúirt sé leo,

37. “Cibé duine a ghlacas i m'ainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.”

38. Dúirt Eoin leis, “A Oide, chonaiceamar fear agus é ag cur deamhan amach i d'ainmse, agus chrosamar air é, as siocair nár lean sé sinn.”

39. Ach dúirt Íosa, “Ná cros air é; mar níl duine dá n‑imreodh mórghníomh i m'ainm a d'fhéadfadh drochfhocal a labhairt i m'éadan go gairid ina dhiaidh.

40. Mar an té nach mbíonn inár n‑aghaidh, is linn a bhíonn.

41. Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil.

42. “Cibé duine a bhíos ina chúis pheaca d'aon leanbh den mhuintir bheag a chreideas ionamsa, b'fhearr dó bró mhuilinn a chrochadh faoina mhuineál agus a chaitheamh amach san fharraige.

43. Agus má bhíonn do lámh ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha agus tú ar leathláimh ná dul le do dhá láimh go hifreann, chuig an tine dhomhúchta.

45. Agus má bhíonn do chos ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha ar leathchois ná do chaitheamh isteach in ifreann agus do dhá chois ort.

47. Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat,

48. áit na péiste gan éag agus na tine gan mhúchadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9