22. an tsaint, an choirpeacht, an mhealltóireacht, an ainshriantacht, an t‑éad, an t‑ithiomrá, an díomas, an amadántacht.
23. Tagann na drochnithe sin uile ón taobh istigh den duine, agus is iad a shalaíos an duine.”
24. Agus d'éirigh sé amach as sin gur imigh leis go ceantar Thiora agus Shiodóin. Agus chuaigh sé isteach i dteach, agus níor mhian leis a fhios a bheith ag aon duine; ach níor féadadh a cheilt.
25. Ach bhí bean ann, a raibh sprid neamh-ghlan ina hiníon bheag, a chuala faoi gan mhoill, agus tháinig sí gur chaith í féin ag a chosa.
26. Anois ba Ghréagach í an bhean sin, den chine Siro-Phéníseach, agus d'iarr sí d'impí air an deamhan a chur amach as a hiníon.
27. Ach is é a dúirt sé léi, “Faigheadh an chlann a gcuid bia an chéad uair, óir níl sé ceart breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chuig na madraí.”
28. Ach ba é a d'fhreagair sí, “Tá sin amhlaidh a Thiarna, ach mar sin féin tá a chead ag na coileáin mhadra atá faoin gclár grabhróga aráin na clainne a bheith acu le n‑ithe.”
29. Agus dúirt sé léi, “Mar mhaithe leis an rá sin féadann tú imeacht leat; mar tá an deamhan tar éis d'iníon a fhágáil.”
30. Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe.