Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Tiomna Nua

Marcas 7 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois nuair a bhí na Fairiséigh, agus cuid de na scríobhaithe a tháinig aníos as Iarúsailéim, cruinnithe chuige,

2. chonaic siad cuid dá dheisceabail ag caitheamh bia le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nár níodh

3. (Mar ní gnách leis na Fairiséigh, ná leis na Giudaigh eile ar fad, bia a chaitheamh mura mbíonn a lámha nite an chéad uair, le nós na seanóirí a choimeád;

4. agus nuair a thagas siad abhaile ó shráid an mhargaidh, ní chaitheann siad aon bhia go dtí go nglanann siad iad féin; agus is iomaí sin nós atá á choimeád acu, agus iad ag ní cupán agus corcán agus soithí cré-umha).

5. Agus d'fhiafraigh na Fairiséigh agus na scríobhaithe de, “Cad chuige nach leanann do dheisceabail de nós na seanóirí, ach ag caitheamh bia le láimh shalach?”

6. Agus ar seisean leo, “Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, a fhimineacha, mar tá scríofa,‘Onóraíonn béal na muintire seo mé,ach is fada uaim atá a gcroí;

7. is baoth an t‑adhradh a thugas siad dom,agus níl ach cumadóireacht dhaonna ina gcráifeacht siúd.’

8. Cuireann sibhse suas d'aitheanta Dé, agus cloíonn sibh go dluth le nósanna daoine.”

9. Agus dúirt sé leo, “Nach breá mar atá diúltaithe agaibh d'aithne Dé, le bhur nósanna féin a choimeád!

10. Óir is é a dúirt Maois, ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus ‘An té a cháineas a athair nó a mháthair go míchóir, cuirtear chun báis é go cinnte;’

11. ach is é atá á rá agaibhse, ‘más rud é go ndeir fear lena athair nó lena mháthair, is Corbán é (is é sin, rud a tugadh mar bhronntanas do Dhia) an ní atá agam le tabhairt duitse—

12. Ansin ní thugann sibh cead dó maith a dhéanamh ar a athair ná ar a mháthair,

13. agus ar an dóigh sin cuireann sibh briathar Dé ar ceal leis an nós sin a fhágas sibh do bhur gclann in bhur ndiaidh. Agus is iomaí sin ní den sórt atá á chleachtadh agaibh.”

14. Agus ghlaoigh sé na daoine chuige arís, agus dúirt sé leo, “Éistigí liom, an uile dhuine agaibh, agus tuigigí seo:

15. Níl ní taobh amuigh den duine ar féidir leis a shalú má théann sé isteach ann;

16. is iad na nithe a thagas amach as an duine a shalaíos an duine.”

17. Agus nuair a d'fhág sé an slua agus a chuaigh sé isteach chun tí, d'fhiafraigh a dheisceabail de i dtaobh an fháithscéil.

18. Agus dúirt sé leo, “An é nach bhfuil aon tuiscint agaibh ar nós na coda eile? Nach bhfeiceann sibh nach féidir leis an ní a thagas isteach sa duine ón taobh amuigh de an duine a shalú,

19. mar ní isteach ina chroí ach isteach ina ghoile a théas sé sin, agus imíonn sé leis go dtéann sé as” (Is amhlaidh a léirigh sé go bhfuil gach cineál bia glan ann féin.)

20. Agus dúirt sé “Is é an ní a théas amach as an duine a shalaíos an duine.

21. Óir is as an taobh istigh den duine, is as croí an duine, a thagas na drochsmaointe, an striapachas, an ghadaíocht, an dúnmharú, an t‑adhaltranas,

22. an tsaint, an choirpeacht, an mhealltóireacht, an ainshriantacht, an t‑éad, an t‑ithiomrá, an díomas, an amadántacht.

23. Tagann na drochnithe sin uile ón taobh istigh den duine, agus is iad a shalaíos an duine.”

24. Agus d'éirigh sé amach as sin gur imigh leis go ceantar Thiora agus Shiodóin. Agus chuaigh sé isteach i dteach, agus níor mhian leis a fhios a bheith ag aon duine; ach níor féadadh a cheilt.

25. Ach bhí bean ann, a raibh sprid neamh-ghlan ina hiníon bheag, a chuala faoi gan mhoill, agus tháinig sí gur chaith í féin ag a chosa.

26. Anois ba Ghréagach í an bhean sin, den chine Siro-Phéníseach, agus d'iarr sí d'impí air an deamhan a chur amach as a hiníon.

27. Ach is é a dúirt sé léi, “Faigheadh an chlann a gcuid bia an chéad uair, óir níl sé ceart breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chuig na madraí.”

28. Ach ba é a d'fhreagair sí, “Tá sin amhlaidh a Thiarna, ach mar sin féin tá a chead ag na coileáin mhadra atá faoin gclár grabhróga aráin na clainne a bheith acu le n‑ithe.”

29. Agus dúirt sé léi, “Mar mhaithe leis an rá sin féadann tú imeacht leat; mar tá an deamhan tar éis d'iníon a fhágáil.”

30. Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe.

31. D'fhill sé ansin aris ó cheantar Thiora, agus shiúil sé Siodón chomh fada le Muir Ghalailí, ar fud cheantar Dhecapolis.

32. Agus tugadh chuige fear bodhar a raibh stad ina chaint; agus iarradh air a lámha a leagan air.

33. Agus thug sé i leataobh é as amharc an tslua, agus chuir sé a mhéara ina chluasa, agus chaith sé seile agus chuimil sé a theanga;

34. agus d'fhéach sé suas i spéartha neimhe, agus tharraing sé osna, agus dúirt sé leis, “Ephphatach,” is é sin, “bí ar d'oscailt.”

35. Agus osclaíodh a chluasa, agus scaoileadh a theanga, agus ba shoiléir shothuigthe a labhair sé.

36. Agus d'ordaigh sé go dian dóibh gan a insint d'aon duine; ach dá mhéad a d'ordaigh sé dóibh, is amhlaidh ba mhó a sceith agus a scaip siad é.

37. Agus bhí iontas as cuimse orthu, agus dúirt siad, “Tá gach uile ní maith déanta aige; go fiú éisteacht a thabhairt don bhodhrán agus caint a bhronnadh ar an mbalbhán.”