Tiomna Nua

Marcas 6:50-56 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

50. mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

51. Agus chuaigh sé isteach leo sa bhád agus scoir an ghaoth leis sin. Agus bhí iontas as cuimse orthu,

52. mar níor thuig siad cad é a tharla i dtaobh na mbuilíni aráin, mar bhí a gcroíthe crua.

53. Agus nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genésaret agus d'fheistigh siad an bád ar an trá.

54. Agus nuair a tháinig siad amach as an mbád, d'aithin na daoine é gan mhoill ar bith,

55. agus bhí rith agus fuadar faoin gcomharsanacht uile agus daoine breoite á n‑iompar acu ar shráideoga go háit ar bith a raibh iomrá ar é a bheith ann.

56. Agus níl áit ar bith dár tháinig sé, dá mba bhaile beag é, nó chathair mhór nó áit tíre, nach raibh daoine breoite fágtha ina luí acu i sráid an mhargaidh, agus iad ag cur impí air ligean dóibh méar a leagan ar chiumhais a bhrait-sean; agus níl duine dár bhain leis nár leigheasadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6