Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Tiomna Nua

Marcas 6 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. D'imigh sé as sin agus tháinig sé go dti a dhúiche féin; agus lean a dheisceabail é.

2. Agus thosaigh sé ar theagasc sa tsionagóg lá na Sabóide; rud a chuir iontas ar a lán, a dúirt, “Cá bhfuair an duine sin seo uile? Cad í an eagna seo a bronnadh air? Cad é chomh mór leis na hoibreacha seo a lámh!

3. Nach é seo an saor adhmaid; mac Mhuire, deartháir Shéamais agus Ioséis agus Iúdáis agus Shíomóin, agus nach bhfuil a dheirfiúracha anseo inár measc?” Agus thug siad dímheas dó.

4. Agus dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan a chion féin d'onóir a fháil, ach amháin nuair a bhíos sé ina dhúiche féin, agus i measc a dhaoine muinteartha, agus ina theaghlach féin.”

5. Agus níor fhéad sé aon obair mhór a dhéanamh san áit úd, ach amháin a lámha a leagan ar dhornán daoine breoite agus a leigheas.

6. Agus chuir a n‑easpa chreidimh iontas air.Agus shiúil sé na bailte ag teagasc.

7. Agus ghlaoigh sé an dáréag chuige, agus thosaigh sé ar a gcur amach ina mbeirteanna, agus ar chumhacht a thabhairt dóibh os cionn na spridí neamhghlana.

8. D'ordaigh sé dóibh gan aon rud a bheith leo ar a n‑aistear ach bata; gan arán, gan mhála, gan airgead ina gcriosanna;

9. ach cuaráin a chaitheamh agus gan dhá léine a chur orthu.

10. Agus dúirt sé leo, “Nuair a thagann sibh go teach, fanaigí sa teach úd nó go bhfágann sibh an baile.

11. Agus más rud é go mbíonn siad doicheallach romhaibh agus mura dtugann siad éisteacht daoibh, nuair a imíonn sibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.”

12. “D'imigh siad mar sin a sheanmóireacht na haithrí do na daoine.

13. Agus chuir siad mórán deamhan amach, agus chuir siad ola ar a lán daoine breoite agus leigheas siad iad.

14. Chuala Ri Iorua faoi; óir bhí ainm Íosa i mbéal an phobail. Bhí cuid de na daoine ag rá, “Is é Eoin Baiste é a tógadh ó na mairbh; agus sin an chúis go mbíonn na cumhachtaí sin ar obair ann.”

15. Ach dúirt dream eile, “Is é Elia é.” Agus deireadh dream eile fós, “Fáidh é, mar fháidh de na seanfháithe.”

16. Ach nuair a chuala Iorua faoi, dúirt sé, “Is é Eoin, ar bhain mise an ceann de, atá beo arís.”

17. Óir ba é Iorua a rinne Eoin a ghabháil, agus a cheangail i bpríosún i ngeimhle é mar gheall ar Heródias, bean a dhearthár Pilip; de bhrí gur phós sé ise.

18. Óir dúirt Eoin le hlorua, “Níl sé de réir dlí bean do dhearthár a bheith agatsa.”

19. Agus bhí olc ag Heródias dó, agus ba mhian léi a mharú. Ach níor fhéad sí sin a dhéanamh.

20. Óir bhí eagla ar Iorua roimh Eoin, agus a dhea-fhios aige gurbh fhear naofa fíréan é, agus mar sin choinnigh sé sábháilte é. Bhíodh sé idir comhairle nuair a chluineadh sé é; ach d'éisteadh sé leis go fonnmhar.

21. Ach fuarthas faill air nuair a thug Iorua fleá a bhreithlae dá chúirteoirí agus dá oifigigh agus do lucht céimíochta na Galailí.

22. Mar nuair a tháinig iníon Heródias isteach, rinne sí cúrsa damhsóireachta a thaitin le hlorua agus lena aíonna; agus is é a dúirt an rí leis an gcailín, “Iarr do rogha rud orm agus bronnfaidh mé ort é.”

23. Agus mhionnaigh sé di, “Tabharfaidh mé duit cibé rud a iarrfas tú orm, dá mba é leathroinn mo ríochta é.”

24. Chuaigh sí amach ansin chuig a máthair gur fhiafraigh sí di, “Cad é a iarrfas mé air?” Agus dúirt sise, “Iarr ceann Eoin Bhaiste.”

25. Agus tháinig sí isteach faoi dheifir go dti an rí go ndearna a hiarratas agus í á rá, “Iarraim ort ceann Eoin Bhaiste a thabhairt dom ar an bpointe ar thrinsiúr.”

26. Agus bhí brón agus buairt ar an rí faoi sin; ach bhí leisce air gan cur lena fhocal i ndiaidh a mhionnaí os comhair a aíonna.

27. Mar sin chuir an rí saighdiúir dá gharda uaidh ar ordaigh sé dó a cheann a thabhairt chuige. Chuaigh seisean gur dhícheann sa phríosún é,

28. agus gur thug sé a cheann ar thrinsiúr gur thug don chailín é; agus thug an cailín dá máthair é ansin.

29. Nuair a chuala deisceabail Eoin é sin, tháinig siad gur thóg siad a chorp lena chur san uaigh.

30. D'fhill na haspail chuig Íosa, agus d'inis siad dó a ndearna siad de ghníomhartha agus de theagasc.

31. Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh.

32. Agus d'imigh siad leo sa bhád go háit uaigneach leo féin.

33. Anois bhí mórán ann a chonaic ag imeacht iad agus a d'aithin iad, agus chuaigh siad as na bailte uile de shiúl cos, go raibh siad ann rompu.

34. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh.

35. Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna deireannach, tháinig a dheisceabail chuige agus ar siad leis, “Áit uaigneach an áit seo, agus é anonn sa lá;

36. cuir ar shiúl iad, go dti an tuath agus na bailte thart timpeall le greim bia a cheannach dóibh féin.”

37. Ach ba é a fhreagra, “Caithfidh sibhse bia a sholáthar dóibh.” Agus dúirt siad leis, “An rachaimid go gceannóimid luach dhá chéad déanar d'arán, go dtabharfaimid dóibh é le n‑ithe?”

38. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid de bhuilíní aráin atá agaibh? Imigí go bhfeice sibh.” Agus nuair a fuair siad a fhios sin, dúirt siad leis, “Cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.”

39. D'ordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas.

40. Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta.

41. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus d'amharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu.

42. Agus d'ith siad uile go léir a ndóthain.

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc.

44. Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a d'ith na builíní úd.

45. Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua.

46. Agus nuair a bhí cead fágtha aige acu siúd, chuaigh sé suas faoi na cnoic le hurnaí a dhéanamh.

47. Agus nuair a thit an oíche orthu, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige, agus bhí seisean ar an talamh leis féin.

48. Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu,

49. ach nuair a chonaic siad é agus é ag siúl na farraige, shíl siad gur taibhse a bhí ann, agus lig siad béic astu;

50. mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

51. Agus chuaigh sé isteach leo sa bhád agus scoir an ghaoth leis sin. Agus bhí iontas as cuimse orthu,

52. mar níor thuig siad cad é a tharla i dtaobh na mbuilíni aráin, mar bhí a gcroíthe crua.

53. Agus nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genésaret agus d'fheistigh siad an bád ar an trá.

54. Agus nuair a tháinig siad amach as an mbád, d'aithin na daoine é gan mhoill ar bith,

55. agus bhí rith agus fuadar faoin gcomharsanacht uile agus daoine breoite á n‑iompar acu ar shráideoga go háit ar bith a raibh iomrá ar é a bheith ann.

56. Agus níl áit ar bith dár tháinig sé, dá mba bhaile beag é, nó chathair mhór nó áit tíre, nach raibh daoine breoite fágtha ina luí acu i sráid an mhargaidh, agus iad ag cur impí air ligean dóibh méar a leagan ar chiumhais a bhrait-sean; agus níl duine dár bhain leis nár leigheasadh.