Tiomna Nua

Marcas 6:34-45 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

34. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh.

35. Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna deireannach, tháinig a dheisceabail chuige agus ar siad leis, “Áit uaigneach an áit seo, agus é anonn sa lá;

36. cuir ar shiúl iad, go dti an tuath agus na bailte thart timpeall le greim bia a cheannach dóibh féin.”

37. Ach ba é a fhreagra, “Caithfidh sibhse bia a sholáthar dóibh.” Agus dúirt siad leis, “An rachaimid go gceannóimid luach dhá chéad déanar d'arán, go dtabharfaimid dóibh é le n‑ithe?”

38. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid de bhuilíní aráin atá agaibh? Imigí go bhfeice sibh.” Agus nuair a fuair siad a fhios sin, dúirt siad leis, “Cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.”

39. D'ordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas.

40. Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta.

41. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus d'amharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu.

42. Agus d'ith siad uile go léir a ndóthain.

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc.

44. Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a d'ith na builíní úd.

45. Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6