Tiomna Nua

Marcas 6:31-48 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

31. Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh.

32. Agus d'imigh siad leo sa bhád go háit uaigneach leo féin.

33. Anois bhí mórán ann a chonaic ag imeacht iad agus a d'aithin iad, agus chuaigh siad as na bailte uile de shiúl cos, go raibh siad ann rompu.

34. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh.

35. Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna deireannach, tháinig a dheisceabail chuige agus ar siad leis, “Áit uaigneach an áit seo, agus é anonn sa lá;

36. cuir ar shiúl iad, go dti an tuath agus na bailte thart timpeall le greim bia a cheannach dóibh féin.”

37. Ach ba é a fhreagra, “Caithfidh sibhse bia a sholáthar dóibh.” Agus dúirt siad leis, “An rachaimid go gceannóimid luach dhá chéad déanar d'arán, go dtabharfaimid dóibh é le n‑ithe?”

38. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid de bhuilíní aráin atá agaibh? Imigí go bhfeice sibh.” Agus nuair a fuair siad a fhios sin, dúirt siad leis, “Cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.”

39. D'ordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas.

40. Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta.

41. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus d'amharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu.

42. Agus d'ith siad uile go léir a ndóthain.

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc.

44. Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a d'ith na builíní úd.

45. Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua.

46. Agus nuair a bhí cead fágtha aige acu siúd, chuaigh sé suas faoi na cnoic le hurnaí a dhéanamh.

47. Agus nuair a thit an oíche orthu, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige, agus bhí seisean ar an talamh leis féin.

48. Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu,

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6