Tiomna Nua

Marcas 5:19-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Ach dhiúltaigh sé é, agus dúirt sé leis, “Gabh abhaile chuig do mhuintir féin, agus inis dóibh faoina ndearna an Tiarna de thrócaire ort.”

20. Agus d'imigh sé agus thosaigh sé ar fhorfhógairt ar fud chríoch Dhecapolis faoin méid a rinne Íosa dó; rud a chuir iontas ar na daoine uile.

21. Agus nuair a d'fhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige.

22. Ba ansin a tháinig fear d'uachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa,

23. agus d'iarr sé d'achainí air, ag rá, “Tá m'iníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.”

24. Agus chuaigh sé leis.Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air.

25. Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag,

26. agus a d'fhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici d'airgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí.

27. Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach.

28. Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.”

29. Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi.

30. Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar m'éadai?”

31. Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?”’

32. Agus d'fhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é.

33. Ach b'aithnid don bhean cad é a d'éirigh di, agus tháinig sí faoi chritheagla agus chaith sí í féin síos roimhe, agus d'inis sí iomlán na fírinne dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 5