Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Tiomna Nua

Marcas 5 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Tháinig siad go tír na nGeraséanach, ar an taobh thall den fharraige.

2. Agus nuair a tháinig sé amach as an mbád, is ea a casadh air fear a tháinig amach as na tuamaí, fear a raibh sprid neamhghlan ann,

3. a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus nárbh fhéidir a cheangal níos mó, go fiú le slabhra féin;

4. óir is minic a ceanglaíodh é le geimhle agus le slabhraí, ach tharraingíodh sé na slabhraí as a chéile, agus dhéanadh sé giotaí beaga de na geimhle; agus gan duine ann a bhí láidir go leor lena smachtú.

5. Bhíodh sé oíche agus lá sna tuamaí nó ar na sléibhte agus gan stad air ag búiríl agus ag brú a chraicinn le clocha.

6. Agus nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith sé chuige agus thug sé ómós dó;

7. agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Cad chuige a bhfuil tú dom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Impím ort as ucht Dé, gan mo chéasadh.”

8. Mar bhí sé i ndiaidh a rá leis, “Fág an duine seo, a sprid neamhghlan!”

9. Agus d'fhiafraigh Íosa di; “Cad is ainm duit?” D'fhreagair si, “Léigiún is ainm dom, mar táimid inár mórshlua ann.”

10. Agus d'iarr sí go dian air gan a ndíbirt as an dúiche ar fad.

11. Anois bhí tréad mór muc ag innilt ar leataobh an chnoic;

12. agus d'iarr siad air, “Cuir amach chuig na muca sinn, lig dúinn dul isteach iontu.”

13. Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spridí neamhghlana amach, agus chuaigh siad isteach sna muca; agus i dtaca leis an tréad, a raibh tuairim is dhá mhíle muc ann, chuaigh siad de ruathar síos leis an bhfána ghéar agus amach san fharraige, agus bádh san fharraige iad.

14. Theith na tréadaithe, agus d'inis siad faoi sa chathair agus sa dúiche. Agus tháinig daoine amach go bhfeicfidís cad é a tharla.

15. Agus tháinig siad chuig Íosa, agus chonaic siad an fear a raibh an deamhan ina chorp, an fear a raibh an léigiún ann, agus é ina shuí ansin agus éadaí air, agus é ar a chiall; agus bhí eagla orthu.

16. Agus d'inis an dream a chonaic é cad é a d'éirigh don fhear a raibh an deamhan ann agus do na muca.

17. Agus thosaigh siad ar iarraidh d'impí ar Íosa a gcomharsanachtsan a fhágáil.

18. Agus nuair a bhí sé ag dul isteach sa bhád, d'iarr an fear a raibh an deamhan ann air é féin a thabhairt leis.

19. Ach dhiúltaigh sé é, agus dúirt sé leis, “Gabh abhaile chuig do mhuintir féin, agus inis dóibh faoina ndearna an Tiarna de thrócaire ort.”

20. Agus d'imigh sé agus thosaigh sé ar fhorfhógairt ar fud chríoch Dhecapolis faoin méid a rinne Íosa dó; rud a chuir iontas ar na daoine uile.

21. Agus nuair a d'fhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige.

22. Ba ansin a tháinig fear d'uachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa,

23. agus d'iarr sé d'achainí air, ag rá, “Tá m'iníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.”

24. Agus chuaigh sé leis.Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air.

25. Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag,

26. agus a d'fhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici d'airgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí.

27. Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach.

28. Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.”

29. Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi.

30. Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar m'éadai?”

31. Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?”’

32. Agus d'fhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é.

33. Ach b'aithnid don bhean cad é a d'éirigh di, agus tháinig sí faoi chritheagla agus chaith sí í féin síos roimhe, agus d'inis sí iomlán na fírinne dó.

34. Agus dúirt sé léi, “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú; imigh i síocháin, agus faigh biseach ón aicid atá ort.”

35. Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, tháinig daoine ó theach an uachtaráin a dúirt leis, “Tá d'iníon marbh. Ní fiú an tOide a bhuaireamh níos faide.”

36. Ach rinne Íosa neamh-aird díobh, agus dúirt sé le huachtarán na sionagóige, “Ná bíodh eagla ort, níl agat le déanamh ach bheith creidmheach.”

37. Agus níor lig sé ach do Pheadar agus Shéamas agus Eoin deartháir Shéamais a leanúint.

38. Nuair a shroich siad teach uachtarán na sionagóige, chonaic sé go raibh gleo ann, agus daoine ag caoineadh agus ag mairgneach go hard.

39. Agus nuair a bhí sé istigh, dúirt sé leo, “Cad chuige an gleo agus an caoineadh? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”

40. Agus rinne siad gáire faoi. Ach chaith seisean amach iad uile go léir, agus thug sé leis athair agus máthair an linbh agus an chuideachta a bhí leis, agus chuaigh isteach go dtí an áit a raibh an leanbh.

41. Agus rug sé ar a láimh agus dúirt sé léi, “Talíta cúmí,” a chiallaíos, “A chailín óig, ordaím duit éirí.”

42. Agus d'éirigh an cailín ar a cosa láithreach agus shiúil sí, mar bhí sí in aois an dó dhéag. Agus leis sin bhí dubh-iontas orthu.

43. Agus d'ordaigh sé go dian dóibh gan insint faoi d'aon duine, agus dúirt sé leo bia a thabhairt chuici.