65. Agus thosaigh cuid acu ar chaitheamh seile air, agus chuir siad dallóg air, agus chuaigh á bhualadh, agus á rá leis, “Déan fáidheadóireacht!” Agus bhuail na gardaí é nuair a ghlac siad leis.
66. Nuair a bhí Peadar thíos in urlann an tí, tháinig bean de chailíní an ardsagairt;
67. agus chonaic sí Peadar á ghoradh féin, agus d'amharc sí air agus dúirt sí, “Bhí tusa ar dhuine de lucht leanúna an fhir úd as Nasair, an tÍosa úd.”
68. Ach shéan seisean é, á rá, “Níl fhios agam agus ní thuigim cad é atá i do cheann.” Agus d'imigh sé leis go dtí an geata.
69. Agus chonaic an cailín é, agus thosaigh sí ar a rá lena raibh ina seasamh thart, “Is duine acu é an fear seo”.
70. Ach shéan sé an dara huair é. Agus tamall beag eile ina dhiaidh sin, dúirt an dream a bhí ina seasamh thart le Peadar, “Níl amhras ar bith ann ná gur duine acu tú; mar is Galailéach tú.”
71. Ach thosaigh sé ar a chur féin faoi mhallacht agus ar mhionnú, “Ní aithnid dom an fear sin a bhfuil sibh ag caint faoi.”
72. Agus ba san nóiméad sin a ghlaoigh an coileach an dara huair. Agus chuimhnigh Peadar ar a ndúirt Íosa leis, “Sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” Agus bhris an gol air.