Tiomna Nua

Marcas 14:50-62 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

50. Agus thréigeadar uile é agus theitheadar leo.

51. Agus bhí ógánach á leanúint, nach raibh faoina chorp ach aon ghiota amháin línéadaigh; agus ghabhadar é,

52. ach d'fhág sé an línéadach acu agus theith leis uathu lom tarnocht.

53. Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe.

54. Agus bhí Peadar i ndiaidh é a leanúint agus d'fhan sé amach uaidh, gur tháinig siad isteach in urlann an ardsagairt; agus bhí Peadar ina shuí i measc na ngardaí, á ghoradh féin ag an tine.

55. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fianaise a chruinniú i n‑éadan Íosa lena chur chun báis; agus gan í le fáil acu.

56. Mar b'iomaí sin duine a thug fianaise bhréige ina éadan, agus gan a bhfianaise ag teacht le chéile.

57. Agus d'éirigh cuid acu ag tabhairt fianaise bhréige ina éadan, á rá,

58. “Chualamar é á rá, ‘Scriosfaidh mise an teampall seo a tógadh le lámha, agus i spás trí lá tógfaidh mé teampall eile, nach dtógfar le lámha.’”

59. Ach mar sin féin níor tháinig a bhfianaise le chéile.

60. Agus d'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh i gceartlár an tslua, agus d'fhiafraigh sé d'Íosa, “An é nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin atá na fir seo ag dearbhadh i d'éadan?”

61. Ach d'fhan sé ina thost gan freagra a thabhairt air. Ba ansin a d'fhiafraigh an t‑ardsagart de an dara huair, “An tú an Críost, an tú Mac an té atá beannaithe?”

62. Agus dúirt Íosa, “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 14