Tiomna Nua

Marcas 14:35-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

35. Agus chuaigh sé beagán beag eile ar aghaidh, agus thit sé ar an talamh, agus rinne sé urnaí go n‑imeodh uair na cinniúna thairis.

36. Is é a dúirt sé, “Abba, a Athair, níl ní nach indéanta duit; tóg an cupán seo uaim; ach ní mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa é.”

37. Agus tháinig sé agus fuair ina suan iad, agus dúirt sé le Peadar, “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire amháin a dhéanamh?

38. Déan faire agus guí nach ligfeá thú féin i gcathú; dá fheabhas é toil na spride, is lag cloíte an cholainn.”

39. Agus d'imigh sé leis a ghuí arís, agus é ag rá na bhfocal céanna.

40. Agus tháinig sé arís agus fuair ina suan iad, mar bhí a súile marbh leis an gcodladh; agus gan fhios acu cé an freagra a thabharfaidís dó.

41. Agus tháinig sé an tríú huair, agus ar seisean leo, “An in bhur gcodladh atá sibh ag ligean bhur scíste? Is leor sin; tháinig an uair; tugadh Mac an duine i lámha lucht an oilc.

42. Éirígí, bímis ag imeacht; seo chugainn fear mo bhraite.”

43. Agus go díreach san am a ndúirt sé an chaint sin, tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua faoi chlaimhte agus bhataí leis, a cuireadh ó na hardsagairt agus ó na scríobhaithe agus ó na seanóirí.

44. Anois bhí an comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, á rá, “Is é an fear é an té a dtabharfaidh mé póg dó; beirigí air agus tugaigí ar shiúl é go slán sábháilte.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 14