Tiomna Nua

Marcas 14:2-12 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. mar dúirt siad, “Ní dhéanfaidh sé cúis in am na féile, ar eagla go dtógfadh na daoine gleo.”

3. Agus nuair a bhí sé i mBétáin i dteach Shíomóin an Lobhar, agus é ina shuí ag bord bia ann, tháinig an bhean chuige agus soitheach alabastair aici den nard ba ghlaine, agus bhris sí an soitheach gur dhoirt an uinnimint ar a cheann.

4. Ach bhí daoine ann a bhí ag rá ina n-intinn féin, agus fearg orthu, “Cad chuige ar cuireadh amú an uinnimint seo?

5. Mar d'fhéadfaí an uinnimint seo a dhíol ar chorradh agus trí chéad déanar, agus a bhronnadh ar na boicht.” Agus thug siad achasán di.

6. Ach is é a duirt Íosa, “Ligigí léi é; cad chuige a mbíonn sibh á crá? Is álainn an ní atá déanta aici dom.

7. Mar bíonn na boicht libh i gcónaí, agus tig libh a maith a dhéanamh nuair a thoilíonn sibh, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.

8. Tá an méid ab fhéidir léi a dhéanamh déanta aici; is é rud, is amhlaidh atá sí tar éis mé a ungadh roimh ré le haghaidh m'adhlactha.

9. Agus deirim libh i bhfírinne, níl áit a mbeidh an soiscéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain uile, nach n‑inseofar a bhfuil déanta aici le cuimhne a choinneáil uirthi.”

10. Ba ansin a chuaigh Iúdás Iscariót, duine den dáréag, chuig na hardsagairt chun go ndéanfadh sé é a bhrath leo.

11. Agus nuair a chuala siad faoi bhí lúcháir orthu, agus gheall siad airgead a thabhairt dó. Agus bhí sé ag faire na faille lena bhrath.

12. Agus an chéad lá de laethanta an Aráin gan Laibhín, nuair a bhítí ag íobairt uan na cásca, d'fhiafraigh a dheisceabail de, “Cá háit ar mhaith leat sinn a dhul ann le hullmhú duit chun go n‑ithe tú an cháisc?”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 14