Tiomna Nua

Marcas 14:14-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Agus abraigí le fear an tí a dtéann sé isteach ann, ‘Is é rud a deir an tOide leat, Cá bhfuil an seomra aíochta atá le bheith agam go n‑íosfaidh mé an cháisc ann, mise agus mo chuid dheisceabal?’

15. Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór i n‑uachtar an tí agus é feistithe faoi réir; ullmhaigí dúinn ansin.”

16. Agus d'imigh na deisceabail leo go dtí an chathair, agus rinne siad an t‑eolas mar d'inis sé dóibh; agus d'ullmhaigh siad an cháisc.

17. Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig sé féin agus an dáréag.

18. Agus nuair a bhí siad ina suí chun boird, arsa Íosa leo, “Is fíor, a deirim libh, go ndéanfaidh duine agaibh, atá ag ithe i mo chuideachta, feall a imirt orm.”

19. Agus tháinig brón orthu, agus b'shiúd iad a rá leis duine i ndiaidh an duine eile, “An mise é?”

20. Ar seisean leo, “Is duine den dáréag é, duine atá ag tomadh a aráin in aon mhias liom.

21. Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! B'fhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.”

22. Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus d'altaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.”

23. Agus ghlac sé cupán, agus d'altaigh sé agus thug dóibh é, agus d'ól siad uile go léir as.

24. Agus ar seisean leo, “Is í seo m'fhuilse, fuil an chúnaint, a dhoirtear ar son an tslua.

25. Deirim go fírinneach libh, nach n‑ólfaidh mé toradh seo na fíniúna go dtí an lá a n‑ólfaidh mé úrnua í i ríocht Dé.”

26. Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin d'imigh siad go Cnoc na nOlóg.

27. Agus dúirt Íosa leo, “Tréigfidh sibh uile mé mar tá scríofa, ‘Millfidh mé an maor, agus scaipfear na caoirigh.’

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 14