Tiomna Nua

Marcas 13:25-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. agus titfidh na réaltaí as an spéir, agus corrófar na cumhachtaí neamhaí.

26. Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe i gcumhacht agus i mórghlóir.

27. Cuirfidh sé na haingil amach ansin, agus cruinneoidh sé a fhíréin ó cheithre aird na gaoithe, ó choirnéil an talaimh go cinn na spéartha.

28. “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige; chomh luath agus a mhaothaíos a shlat agus a thagas an duilliúr uirthi, aithníonn sibh go bhfuil an samhradh i ngar daoibh.

29. Mar an gcéanna, nuair a fheiceann sibh na nithe sin ag titim amach, aithníonn sibh go bhfuil sé féin i ngar daoibh, ag dalladh bhur ndorais.

30. Is fírinneach a deirim libh, nach rachaidh an ghlúin seo thart go dtaga na nithe sin uile go léir i gcrích.

31. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.

32. “Ach maidir leis an lá úd agus leis an uair úd, níl an t‑eolas ag aon neach, níl sé go fiú ag na haingil atá ar neamh, ná ag an Mac féin, ach ag an Athair Síoraí amháin.

33. Bígí ar bhur n‑aire mar sin, agus bígí ag faire; mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfas an t‑am.

34. Is cosúil é le fear atá ag dul ar aistear, nuair a fhágann sé an baile agus cuireann sé cúram an tí ar a sheirbhísigh, agus bíonn a shaothar féin ag gach duine acu, agus ordaíonn sé don doirseoir bheith ar a choimeád.

35. Bígí sibhse ar bhur gcoimeád—mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfaidh ceann urra an tí, cé acu sa tráthnóna, nó i gceartlár na hoíche, nó le glaoch an choiligh, nó ar maidin—

36. ar eagla go dtiocfadh sé go tobann agus go mbéarfadh sé oraibh in bhur gcodladh.

37. Agus a ndeirim libh deirim le cách é: bígí ar bhur gcoimeád.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 13