Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16

Tiomna Nua

Marcas 13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a bhí sé ag teacht amach as an teampall, arsa duine de na deisceabail leis, “Féach, a Oide, nach iontach na clocha seo agus nach iontach iad na foirgnimh seo!”

2. Agus dúirt Íosa leo, “An bhfeiceann sibh na mórfhoirgnimh seo? Ní fhágfar cloch díobh ar mhuin chloiche, nach dteilgfear anuas.”

3. Agus d'fhiafraigh Peadar agus Séamas agus Eoin agus Aindrias de os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg os coinne an teampaill,

4. “Inis dúinn, cá huair atá sin le bheith ann, agus cad é an comhartha a thabharfar nuair a bheidh na nithe sin uile le teacht i gcrích?”

5. Agus thosaigh Íosa agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire gan ligean d'aon duine sibh a chur amú.

6. Is iomaí duine a thiocfaidh i m'ainmse, agus é á rá, ‘Is mise é!’ agus is iomaí duine a chuirfeas siad amú.

7. Agus nuair a chluinfeas sibh faoi chogaí nó a n‑iomrá, ná cuireadh sin eagla oraibh; caithfidh sin a bheith amhlaidh, ach níor tháinig an deireadh fós.

8. Mar éireoidh náisiún in éadan náisiúin, agus ríocht in aghaidh ríochta; beidh creathanna talaimh in áiteanna éagsúla, beidh gortaí ann; ach ní bheidh ansin ach tús tubaiste.

9. “Ach seachnaígí sibh féin; mar tabharfar suas do chomhairlí sibh; agus sciúrsálfar sibh i sionagóga; agus seasfaidh sibh os coinne na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liom, go dtuga sibh fianaise os a gcomhair.

10. Agus caithfear ar dtús an soiscéal a sheanmóireacht do na náisiúin uile go léir.

11. Agus nuair a thabharfar os comhair cúirte sibh agus nuair a thabharfar suas sibh, ná bíodh imní oraibh roimh ré faoi cad é a déarfas sibh; ach abraigí cibé a thabharfar daoibh san am úd, mar ní sibh féin a labhrós, ach an Spiorad Naomh.

12. Agus tabharfaidh deartháir a dheartháir chun báis, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí go n‑imrí siad bás orthu;

13. agus tabharfaidh an uile dhuine fuath daoibh mar mhaithe le m'ainmse. Ach an té a sheasas go deireadh, is é a shlánófar.

14. “Ach nuair a fheiceas sibh dia-aithis léirscriostach ina seasamh in ionad nár chóir dó (bíodh tuiscint ag an léitheoir), teitheadh an méid agaibh atá i nlúdaea rompu go dtí na sléibhte;

15. teitheadh an té atá ar mhullach an tí, gan teacht anuas ná isteach sa teach le haon ní a bhreith as;

16. teitheadh an té atá sa ghort gan filleadh ar ais lena fhallaing a ardú leis.

17. Is mairg a bheidh i dtinneas clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta úd!

18. Agus bígí ag guí gan é a theacht sa gheimhreadh.

19. Mar beidh anró sna laethanta úd nach raibh a leithéid ann ó chruthaigh Dia an chruinne go dtí anois, agus nach mbeidh ann arís choíche.

20. Agus murab é gur ghiorraigh an Tiarna na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann saor as; ach mar mhaithe leis na fíréin a thogh sé, tá na laethanta úd giorraithe aige.

21. San am úd, má deir aon duine libh, ‘Féach, seo é an Críost!’ nó ‘Féach siúd é!’ ná creidigí uathu é.

22. Mar éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus beidh comharthaí agus iontais le taispeáint acu, a bhainfidh mealladh as na fíréin féin—dá mb'fhéidir sin.

23. Ach bígí sibhse ar bhur n‑aire; mar tá an t‑iomlán inste agam daoibh roimh ré.

24. “Ach sna laethanta úd a leanfas an t‑anró, beidh smúid ar an ngrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas,

25. agus titfidh na réaltaí as an spéir, agus corrófar na cumhachtaí neamhaí.

26. Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe i gcumhacht agus i mórghlóir.

27. Cuirfidh sé na haingil amach ansin, agus cruinneoidh sé a fhíréin ó cheithre aird na gaoithe, ó choirnéil an talaimh go cinn na spéartha.

28. “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige; chomh luath agus a mhaothaíos a shlat agus a thagas an duilliúr uirthi, aithníonn sibh go bhfuil an samhradh i ngar daoibh.

29. Mar an gcéanna, nuair a fheiceann sibh na nithe sin ag titim amach, aithníonn sibh go bhfuil sé féin i ngar daoibh, ag dalladh bhur ndorais.

30. Is fírinneach a deirim libh, nach rachaidh an ghlúin seo thart go dtaga na nithe sin uile go léir i gcrích.

31. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.

32. “Ach maidir leis an lá úd agus leis an uair úd, níl an t‑eolas ag aon neach, níl sé go fiú ag na haingil atá ar neamh, ná ag an Mac féin, ach ag an Athair Síoraí amháin.

33. Bígí ar bhur n‑aire mar sin, agus bígí ag faire; mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfas an t‑am.

34. Is cosúil é le fear atá ag dul ar aistear, nuair a fhágann sé an baile agus cuireann sé cúram an tí ar a sheirbhísigh, agus bíonn a shaothar féin ag gach duine acu, agus ordaíonn sé don doirseoir bheith ar a choimeád.

35. Bígí sibhse ar bhur gcoimeád—mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfaidh ceann urra an tí, cé acu sa tráthnóna, nó i gceartlár na hoíche, nó le glaoch an choiligh, nó ar maidin—

36. ar eagla go dtiocfadh sé go tobann agus go mbéarfadh sé oraibh in bhur gcodladh.

37. Agus a ndeirim libh deirim le cách é: bígí ar bhur gcoimeád.”