7. Agus d'fhógair sé an chaint seo, “Tá duine le teacht i mo dhiaidhse níos cumhachtaí ná mise, duine nach fiú mé cromadh síos le hiallacha a bhróg a scaoileadh.
8. Tá mise tar éis bhur mbaisteadh le huisce; ach déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
9. Ba sna laethanta úd a tháinig Íosa as Nasair na Galailí agus bhaist Eoin san Iornán é.
10. Agus chonaic sé, agus é ag teacht aníos as an uisce, na spéartha ar oscailt agus an Spiorad ag tuirlingt air i riocht coilm;
11. agus tháinig an glór as spéartha neimhe, “Is tú mo Mhac ionúin, is ionat atá mo mhór-aoibhneas.”
12. Thiomáin an Spiorad amach san fhásach é láithreach.
13. Agus chaith sé seal daichead lá ar an bhfásach agus Sátan ag cur cathuithe air; agus é in éineacht leis na beithígh allta; agus rinne na haingil timireacht air.
14. Ansin nuair a gabhadh Eoin, tháinig Íosa go Galailí ag fógairt shoiscéal Dé,
15. á rá, “Tá an tráth ar fáil, agus seo í ríocht Dé i ngar; déanaigí aithreachas, agus creidigí sa soiscéal.”