Tiomna Nua

Marcas 1:15-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

15. á rá, “Tá an tráth ar fáil, agus seo í ríocht Dé i ngar; déanaigí aithreachas, agus creidigí sa soiscéal.”

16. Agus nuair a bhí sé ag siúl ar imeall Mhuir Ghalailí, chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin ag cur lín isteach san fharraige, mar ba iascairí iad.

17. Agus dúirt Íosa leo, “Leanaigí mise go ndéana mé iascairí díbh a cheapfas fir.”

18. Agus d'fhág siad a líonta láithreach agus lean siad é.

19. Agus nuair a bhí giota beag eile curtha de, chonaic sé Séamas mac Shebidé agus Eoin a dheartháir agus iad ina mbád ag deisiú na líonta.

20. Agus ghlaoigh sé orthu ar an toirt; agus d'fhág siad a n‑athair Sebidé agus a sheirbhísigh sa bhád agus lean siad é.

21. Agus chuaigh siad isteach go Caparnáum; agus chuaigh seisean láithreach isteach sa tsionagóg ar an tsabóid agus thug sé teagasc.

22. Agus b'iontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe.

23. Agus go díreach bhí ina sionagógsan fear a raibh sprid neamhghlan ann;

24. agus ghlaoigh sí os ard, “Cad chuige a bhfuil tú domsa, a Íosa Nasara? An lenár scriosadh a tháinig tú? Tá a fhios agam cé tú féin, Naomh-neach Dé.”

25. Ach bhagair Íosa uirthi, á rá, “Bí i do thost, agus tar amach as!”

26. Agus réab an sprid neamhghlan é, agus d'éigh sí os ard, agus tháinig sí amach as.

27. Agus bhí uafás orthu uile, gur cheistigh siad a chéile, agus iad á rá, “Cad é seo? Teagasc úrnua! É ag ordú go fiú na spridí neamhghlana go húdarásach, agus iad ag géilleadh dó.”

28. Agus gan mhoill leath a chlú ar fud chríoch Ghalailí mórthimpeall.

29. Agus go díreach ina dhiaidh sin d'fhág sé an tsionagóg, go ndeachaigh isteach i dteach Shíomóin agus Aindriais, agus Séamas agus Eoin ina chuideachta.

30. Agus bhí máthair chéile Shíomóin ina luí tinn agus fiabhras uirthi, agus d'inis siad dó fúithi gan mhoill.

31. Agus tháinig sé, gur rug ar a láimh agus gur thóg aniar í, agus d'imigh an fiabhras aisti; agus rinne sí freastal orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 1