34. Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal.
35. Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!”
36. Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus d'fhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd.
37. Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh.
38. Agus b'shiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim d'impí ort féachaint ar mo mhac, mar is é m'aon duine clainne é;
39. agus féach, beireann sprid air, agus ligeann sé béic as i dtobainne; agus réabann sí é go dtagann cúr lena bhéal, agus coscraíonn sí é, agus is ar éigean a fhágfaidh sí é.
40. Agus d'iarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.”
41. Is é a d'fhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”