Tiomna Nua

Lúcás 9:32-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Anois bhí iarraidh trom codlata ar Pheadar agus an méid a bhí leis, ach gur fhan siad ina ndúiseacht, agus chonaic siad a ghlóir, agus chonaic an bheirt fhear a sheas leis.

33. Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both d'Elía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá.

34. Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal.

35. Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!”

36. Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus d'fhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd.

37. Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh.

38. Agus b'shiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim d'impí ort féachaint ar mo mhac, mar is é m'aon duine clainne é;

39. agus féach, beireann sprid air, agus ligeann sé béic as i dtobainne; agus réabann sí é go dtagann cúr lena bhéal, agus coscraíonn sí é, agus is ar éigean a fhágfaidh sí é.

40. Agus d'iarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.”

41. Is é a d'fhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

42. Nuair a bhí sé ag teacht chuige, réab an deamhan agus chuir i dtrithí é. Ach bhagair Íosa ar an sprid neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, gur thug ar ais dá athair é.

43. Agus b'iontach leo uile é mórgacht Dé.Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail,

44. “Téadh na briathra seo isteach go domhain in bhur gcluasa; mar tabharfar Mac an duine i lámha fear.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 9