Tiomna Nua

Lúcás 5:24-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.”

25. Agus ar an nóiméad d'éirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé.

26. Agus thit iontas orthu uile, agus thug siad glóir do Dhia agus bhí uafás mór orthu, agus dúirt siad, “Is sinne a chonaic na hiontais inniu.”

27. Chuaigh sé amach ina dhiaidh sin, agus chonaic sé bailitheoir cánacha, darbh ainm Lébhí, ina shuí in oifig an chustaim; agus dúirt sé leis, “Lean mise.”

28. Agus d'fhág sé a raibh aige, agus d'éirigh sé agus lean sé é.

29. Agus rinne Lébhí féasta mór dó ina theach; agus bhí buíon mhór de bhailitheoirí cánacha agus de dhaoine eile ina suí leo os cionn bia.

30. Agus rinne na Fairiséigh agus a scríobhaithesean casaoid in aghaidh a dheisceabal, agus dúirt siad, “Cad chuige daoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuideachta lucht bailithe cánacha agus drochdhaoine?”

31. Agus d'fhreagair Íosa iad, “Ní bhíonn feidhm dhochtúra ar an dream atá ar fónamh, ach ar na daoine atá breoite;

32. níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh le haithrí a dhéanamh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 5