17. Agus nuair a bhí sé ag teagasc, lá de na laethanta úd, bhí Fairiséigh agus lucht theagasc an dlí ina suí ina chomhair, a tháinig as gach baile i nGalailí agus in Iúdaea agus as Iarúsailéim; agus bhí cumhacht Dé leis le leigheas.
18. Agus féach, bhí fir ag iompar fir, a raibh an phairilis air, ar leaba, agus bhí siad ag iarraidh é a thabhairt isteach agus a ligean síos os comhair Íosa;
19. ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.
20. Agus nuair a chonaic sé a gcreideamhsan ar seisean, “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”
21. Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
22. Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn?
23. Cé acu is éasca a rá, ‘Tá do pheacaí maite duit,’ nó a rá, ‘Éirigh agus siúl romhat’?
24. Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.”