Tiomna Nua

Lúcás 5:14-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Agus thug sé rabhadh dó gan a insint d'aon duine; ach “imigh,” ar sé, “agus taispeáin thú féin don sagart, agus déan íobairt ar son do ghlanta, mar d'ordaigh Maois, mar chruthú do na daoine.”

15. Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad.

16. Ach is é rud, chuaigh seisean i leataobh ar an bhfásach go ndearna sé urnaí.

17. Agus nuair a bhí sé ag teagasc, lá de na laethanta úd, bhí Fairiséigh agus lucht theagasc an dlí ina suí ina chomhair, a tháinig as gach baile i nGalailí agus in Iúdaea agus as Iarúsailéim; agus bhí cumhacht Dé leis le leigheas.

18. Agus féach, bhí fir ag iompar fir, a raibh an phairilis air, ar leaba, agus bhí siad ag iarraidh é a thabhairt isteach agus a ligean síos os comhair Íosa;

19. ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.

20. Agus nuair a chonaic sé a gcreideamhsan ar seisean, “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”

21. Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

22. Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn?

23. Cé acu is éasca a rá, ‘Tá do pheacaí maite duit,’ nó a rá, ‘Éirigh agus siúl romhat’?

24. Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.”

25. Agus ar an nóiméad d'éirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 5