Tiomna Nua

Lúcás 22:58-71 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

58. Agus tamall beag ina dhiaidh sin chonaic duine áirithe eile é agus dúirt leis, “Is duine díobh tusa freisin.” Ach is é a dúirt Peadar leis, “A ghiolla úd, ní díobh mé.”

59. Agus nuair a chuaigh tuairim is uair a chloig thart thosaigh an tríú fear ar a dhearbhú agus dúirt sé, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo ina chuideachta; mar is Galailéach é.”

60. Ach dúirt Peadar, “A ghiolla úd, ní thuigim cad é atá tú a mhaíomh.” Agus sa nóiméad úd, sul ar fhág an focal a bhéal, scairt an coileach.

61. Agus thiontaigh an Tiarna thart agus d'amharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tiarna, agus ar an gcaint a dúirt sé leis, “Sula scairtfidh an coileach ar maidin inniu, séanfaidh tú faoi thrí mé.”

62. Agus d'imigh sé roimhe amach gur shil sé deora go géar goirt.

63. Anois bhíodh na fir a raibh greim acu ar Íosa ag magadh agus á bhualadh;

64. agus chuir siad dallóg ar a shúile agus d'fhiafraigh siad de, “Déan fáistine, a fháidh! Inis cé a bhuail thú?”

65. Agus is iomaí focal maslach eile a labhair siad leis, agus iad ag tabhairt íde béil dó.

66. “Nuair a ghealaigh an lá, bhí seanóirí an chine cruinnithe, idir ardsagairt agus scríobhaithe; agus thug siad isteach os comhair a seanaid é, agus dúirt siad leis,

67. “Más tú an Críost, inis dúinne é.” Ach ba é a dúirt sé leo, “Má insím daoibh gur mé, ní chreidfidh sibh uaim é;

68. agus má fhiafraím díbh an mé, ní thabharfaidh sibh freagra orm.

69. Ach ón am seo amach beidh Mac an duine á shuíomh ar dheasláimh chumhacht Dé.”

70. Agus d'fhiafraigh siad uile de, “An tú Mac Dé mar sin?” Agus dúirt sé leo, “Is sibhse atá á rá gur mé.”

71. Agus dúirt siad, “Cad é an gnó atá againn le tuilleadh fianaise? Táimid tar éis a chluinstin óna bhéal féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22