Tiomna Nua

Lúcás 22:51-60 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

51. Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í.

52. Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?

53. Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”

54. Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.

55. Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu.

56. Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus d'amharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.”

57. Ach shéan sé é agus dúirt sé, “A bhean úd, níl aon aithne agam air.”

58. Agus tamall beag ina dhiaidh sin chonaic duine áirithe eile é agus dúirt leis, “Is duine díobh tusa freisin.” Ach is é a dúirt Peadar leis, “A ghiolla úd, ní díobh mé.”

59. Agus nuair a chuaigh tuairim is uair a chloig thart thosaigh an tríú fear ar a dhearbhú agus dúirt sé, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo ina chuideachta; mar is Galailéach é.”

60. Ach dúirt Peadar, “A ghiolla úd, ní thuigim cad é atá tú a mhaíomh.” Agus sa nóiméad úd, sul ar fhág an focal a bhéal, scairt an coileach.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22