Tiomna Nua

Lúcás 22:47-57 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

47. Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh;

48. ach arsa Íosa leis, “A Iúdáis, an dtabharfá póg an fhill do Mhac an duine?”

49. Agus nuair a thuig a lucht leanúna féin cad é a thiocfadh de, dúirt siad, “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?”

50. Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann.

51. Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í.

52. Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?

53. Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”

54. Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.

55. Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu.

56. Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus d'amharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.”

57. Ach shéan sé é agus dúirt sé, “A bhean úd, níl aon aithne agam air.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22