Tiomna Nua

Lúcás 22:39-55 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

39. Agus d'imigh sé mar ba ghnáth leis go Cnoc na nOlóg; agus lean na deisceabail é.

40. Agus nuair a shroich sé an áit dúirt sé leo, “Bígí ag guí gan cathú a theacht oraibh.”

41. Agus chuaigh sé i leataobh faoi urchar cloiche uathu, go ndeachaigh ar a ghlúine agus go ndearna urnaí,

42. “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.”

43. Agus nocht aingeal ó neamh dó ag neartú leis.

44. Agus bhí pianpháis air agus d'éirígh a urnaí ní ba dhúthrachtaí arís; agus allas air a thit anuas ar an talamh mar a bheadh ina bhraonta móra fola.

45. Agus nuair a d'éirigh sé aníos ón urnaí, chuaigh sé go dtí na deisceabail go bhfuair ina suan iad le méid a mbróin,

46. agus is é a dúirt sé leo, “Cad é an codladh sin oraibh? Éirígí agus bígí ag urnaí nach dtaga an cathú oraibh.”

47. Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh;

48. ach arsa Íosa leis, “A Iúdáis, an dtabharfá póg an fhill do Mhac an duine?”

49. Agus nuair a thuig a lucht leanúna féin cad é a thiocfadh de, dúirt siad, “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?”

50. Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann.

51. Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í.

52. Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?

53. Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”

54. Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.

55. Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22