Tiomna Nua

Lúcás 20:3-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. Ba é an freagra a thug sé orthu, “Tá ceist agam le cur oraibh freisin; insígí dom anois,

4. cé acu ó neamh nó ó dhaoine é baiste Eoin?”

5. Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’

6. Ach má deirimid ‘Ó dhaoine,’ imreoidh na daoine uile go léir bás orainn le clocha; mar tá siad cinnte dearfa go raibh Eoin ina fháidh.”

7. Mar sin d'fhreagair siad nach raibh a fhios acu cérbh as é.

8. Agus dúirt Íosa leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”

9. Agus thosaigh sé ar insint an fháithscéil seo do na daoine, “Fear a bhí ann a chuir fíonghort faoi chrainn fíniúna, agus a chuir ar chíos é ag tionóntaí, agus a d'imigh leis ar an gcoigrích ar feadh i bhfad.

10. Nuair a bhí an t‑am istigh, chuir sé duine de na seirbhísigh chuig na tionóntaí, go dtabharfaidís cuid de thoradh an fhíonghoirt dó; ach ní dhearna na tionóntaí ach a bhualadh agus a thiomáint ar shiúl agus a lámha folamh.

11. Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh.

12. Chuir sé an seirbhíseach eile chucu; agus chaith siad amach é agus é dearg ina chuid fola.

13. Ba ansin a labhair an té ar leis an fíonghort, ‘Cad é a dhéanfas mé?’ ar seisean, ‘Is é a dhéanfas mé, an mac is ansa liom a chur chucu; agus b'fhéidir go mbeidh urraim acu dósan.’

14. Ach nuair a chonaic na tionóntaí chucu é, dúirt siad le chéile, ‘Seo é an t‑oidhre; imrímis bás air, agus titfidh an oidhreacht orainne.’

15. Agus chaith siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh siad é. Cad é mar sin a dhéanfas an té ar leis an fíonghort leo?

16. Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na tionóntaí as, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhream éigin eile.” Nuair a chuala siad sin, dúirt siad, “Nár lige Dia sin!”

17. Ach d'fhéach sé fúthu agus tharstu agus is é a dúirt sé, “An é nach ligfeadh? Ach cad é atá scríofa:‘An chloch chéanna dar dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne.’

18. Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.”

19. Bhí na scríobhaithe agus na hardsagairt ag iarraidh greim a fháil air cheana féin, ach ab é an eagla a bhí orthu roimh na daoine; mar d'aithin siad gur dhírigh sé an fáithscéal sin orthu.

20. Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 20