Tiomna Nua

Lúcás 20:13-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Ba ansin a labhair an té ar leis an fíonghort, ‘Cad é a dhéanfas mé?’ ar seisean, ‘Is é a dhéanfas mé, an mac is ansa liom a chur chucu; agus b'fhéidir go mbeidh urraim acu dósan.’

14. Ach nuair a chonaic na tionóntaí chucu é, dúirt siad le chéile, ‘Seo é an t‑oidhre; imrímis bás air, agus titfidh an oidhreacht orainne.’

15. Agus chaith siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh siad é. Cad é mar sin a dhéanfas an té ar leis an fíonghort leo?

16. Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na tionóntaí as, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhream éigin eile.” Nuair a chuala siad sin, dúirt siad, “Nár lige Dia sin!”

17. Ach d'fhéach sé fúthu agus tharstu agus is é a dúirt sé, “An é nach ligfeadh? Ach cad é atá scríofa:‘An chloch chéanna dar dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne.’

18. Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.”

19. Bhí na scríobhaithe agus na hardsagairt ag iarraidh greim a fháil air cheana féin, ach ab é an eagla a bhí orthu roimh na daoine; mar d'aithin siad gur dhírigh sé an fáithscéal sin orthu.

20. Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é.

21. Agus chuir siad an cheist seo air, “A Oide, tá a dhea-fhios againn go mbíonn tú ag labhairt agus ag teagasc mar is ceart, gan claonadh le haon duine, ag teagasc na fírinne faoi shlí Dé.

22. Inis an ceadmhach dúinn ár gcíos a íoc le Caesar nó an bhfuil sé crosta orainn?”

23. Ach d'aithin sé a gcleasaíocht, agus dúirt sé leo,

24. “Taispeánaigí bonn airgid dom. Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn atá air?” D'fhreagair siad, “Is le Caesar iad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 20