Tiomna Nua

Lúcás 19:8-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Agus d'éirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní d'aon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.”

9. Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac d'Abracham é seo chomh maith le duine.

10. Mar tá Mac an duine tar éis teacht lena bhfuil caillte a chuardach agus a chaomhnú.”

11. Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill.

12. Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin.

13. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh, agus thug sé deich bpunt dóibh, agus dúirt sé leo, ‘Bígí ag gnóthú leo seo go dtaga mé.’

14. Ach b'fhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’

15. Nuair a d'fhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad.

16. Tháinig duine amháin acu ina láthair agus dúirt sé, ‘A Thiarna, tá deich bpunt eile gnóthaithe ag do phuntsa.’

17. Agus is é a dúirt sé leis, ‘Is maith a rinne tú, is maith an seirbhíseach tú! Ós tú a bhí dílis faoi bheagán, beidh ceannas agat ar dheich gcathair.’

18. Agus tháinig an dara duine ina láthair go ndúirt sé, ‘A Thiarna, tá cúig phunt gnóthaithe ag do phuntsa.’

19. Agus dúirt sé leis, ‘Agus beidh ceannas cúig chathair agatsa.’

20. Tháinig an tríú duine ansin, agus dúirt sé, ‘A Thiarna, seo duit an punt sin agat, a choinnigh mé i dtaisce i naipcín;

21. mar chuir tú eagla orm, bíonn tú chomh trom sin ar dhaoine; ag tógáil ní nár chuir tú síos, agus ag baint bairr san áit nár chuir tú aon síol.’

22. Ar seisean leis, ‘Tabharfaidh mé breith do dhaortha ort as do bhéal féin, a bhithiúnaigh de sheirbhíseach! Bhí a dhea-fhios agat, nach raibh, go raibh mé trom ar dhaoine, ag tógáil an ní nár chuir mé síos, agus ag baint san áit nár chuir mé?

23. Agus ó tá sin amhlaidh, cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid sa bhanc, go dtógfainn é idir airgead agus bhiseach ag filleadh dom?’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 19