17. Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige.
18. Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi?
19. Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus d'fhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.”
20. Agus dúirt sé arís, “Cé leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?
21. Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.”
22. Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim.
23. Agus bhí duine ann a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo,
24. “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.
25. A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’
26. Tosóidh sibh ar a rá ansin, ‘Bhíomar ag ithe agus ag ól i do chuideachta, agus bhí tusa ag teagasc inár sráideanna.’
27. Ach is é a déarfas sé, ‘Insím daoibh nach eol dom an áit a dtagann sibh as; imíodh lucht an oilc uaim!’
28. Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach.
29. Agus tiocfaidh an domhan thoir agus an domhan thiar, agus an tuaisceart agus an deisceart, ina suí ag bord i ríocht Dé.
30. Agus féach, beidh cuid dá bhfuil ar deireadh ar tosach, agus tá cuid dá bhfuil ar tosach a bheidh ar deireadh.”
31. Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.”
32. Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá.