Tiomna Nua

Lúcás 1:43-63 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

43. Agus cad chuige ar deonadh dom go dtiocfadh máthair mo Thiarna chugam?

44. Mar féach, ní luaithe glór do bheannachta i mo chluasa, ná léim an leanbh i mo bhroinn le tréan lúcháire.

45. Agus is beannaithe an bhean úd a chreid go gcomhlíonfaí an ní a insíodh di i dteachtaireacht ó Dhia.”

46. Ach is é a dúirt Muire,“Bíonn m'anam ag móradh an Tiarna,

47. agus is ábhar áthas m'anama é Dia mo Shlánaitheoir,

48. ó nárbh bheag leis úirísleacht a chumhaile.Mar féach, ní thiocfaidh glún feasta nach ngairfidh beannaithe díom;

49. mar gheall ar na nithe móra atá déanta dom ag an té a mbíonn an chumhacht aige.

50. Agus bíonn trócaire aige ar an dream a mbíonn eagla orthu roimheó ghlún go glún.

51. Thaispeáin sé an neart atá ina ghéag.Scaip sé an dream a mbíonn an t‑uabhar i smaointe a gcroíthe.

52. Chaith sé na cumhachtaí amach as a ríchathaoireacha, agus d'ardaigh sé i gcéim an dream uiríseal.

53. Líon sé lucht an ocrais le maitheasaí, agus chuir sé uaidh lucht an tsaibhris agus iad folamh.

54. Chuir sé tarrtháil ar a sheirbhíseach Iosrael,agus é ag cuimhneamh ar a thrócaire,

55. de réir mar a bhí ráite aige lenár sinsear romhainn, le hAbracham agus lena shliocht go deo.”

56. Agus d'fhan Muire tuairim agus trí mhí aici, agus d'fhill sí ansin abhaile.

57. Ach tháinig am a tuismithe ar Elisabét, agus thug sí a mac ar an saol.

58. Agus chuala a comharsana agus a daoine muinteartha faoin mórthrócaire a rinne Dia uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

59. Agus thángthas an t‑ochtú lá a thimpeallghearradh an linbh; agus bhíothas ar tí ainm a athar Secaría a thabhairt air.

60. Ach ba é a dúirt a mháthair, “Ní mar sin, ach gairfear Eoin de.”

61. Agus dúirt siad léi, “Ainm cúl le cine é sin.”

62. Agus b'shiúd iad ag déanamh comharthaí leis an athair, ag fiafraí de-sean cad é an t‑ainm ab fhearr leis air.

63. Agus d'iarr sé táibhléad scríofa, gur scríobh, “Eoin is ea an t‑ainm atá air.” Agus b'iontach leo uile é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 1