Tiomna Nua

Lúcás 1:16-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Agus is iomaí sin duine de chlann mhac Iosrael a thiontóidh sé chuig a dTiarna Dia,

17. agus siúlfaidh sé roimhe agus sprid agus cumhacht Elía aige,le croíthe na n‑aithreacha a chasadh chun a gclainne,agus leis an dream easumhal a thabhairt chun eagna na bhfíréan,le pobal toilteanach a ullmhú don Tiarna.”

18. Ach is é a dúirt Secaría leis an aingeal, “Cad é mar a gheobhaidh mé fios air sin? Mar táim féin i mo sheanduine, agus tá mo bhean anonn go maith i mblianta.”

19. Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit.

20. Agus féach anois, beidh tú i do bhalbhán gan cumas labhartha agat go dtí an lá sin ina dtiocfaidh sé sin uile i gcrích, ós rud é nár chreid tú do mo bhriathra, a bhéas le comhlíonadh nuair a thiocfas an t‑am.”

21. Agus bhí na daoine uile ag fanacht le Secaría, agus iontas orthu faoin moill a bhí air istigh sa teampall.

22. Agus nuair a tháinig sé amach, ní raibh sé in inmhe labhairt leo, agus ba léir dóibh go raibh sé i ndiaidh taispeáint a fheiceáil sa teampall; agus dhéanadh sé comharthaí leo agus é balbh i rith an ama.

23. Agus nuair a bhí a sheal oibre críochnaithe aige, d'fhill sé ansin abhaile.

24. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin is ea ghabh a bhanchéile Elisabét ina broinn, agus chuaigh sí i bhfolach i rith cúig mhí, agus é le rá aici,

25. “Is í sin obair Dé san am a raibh aird aige orm, ionas go mbeadh deireadh leis an achasán a bhíodh orm i súile na ndaoine.”

26. Sa séú mí cuireadh an t‑aingeal Gabriél le teachtaireacht ó Dhia chuig cathair de Ghalailí ar tugadh Nasair uirthi,

27. chuig ógh a raibh lámh is focal idir í agus fear de theaghlach Dháibhí arbh ainm dó Iósaf; agus is Muire an t‑ainm a bhí ar an ógh sin.

28. Agus tháinig sé chuici agus dúirt sé léi, “Sé do bheatha, a bhean úd a bhfuil gnaoi ort, mar tá an Tiarna leat.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 1