11. Agus bhíodh aird acu air, ó bhí siad dallta le fada ag a chuid asarlaíochta.
12. Ach nuair a chreid siad do Philib, agus é ag seanmóireacht dhea-scéal ríocht Dé agus ainm Íosa Críost, ghlac siad le baiste, idir fhir agus mhná.
13. Agus níl go fiú Síomón é féin nár chreid, agus i ndiaidh glacadh le baiste d'fhan sé i gcuideachta Philib. Agus bhí iontas air faoi na mórchomharthaí agus na míorúiltí a chonaic sé á ndéanamh.
14. Ansin, nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim gur ghlac Samária le briathar Dé, chuir siad Peadar agus Eoin chucu,
15. agus tháinig siadsan anuas agus rinne siad urnaí os a gcionn go nglacfadh siad an Spiorad Naomh;
16. mar níor thuirling sé ar aon duine acu go dtí sin, ó nach ndearnadh ach amháin a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa.
17. Leag siad a lámha orthu ansin agus ghlac siad an Spiorad Naomh.
18. Ba é sin an t‑am a thairg Síomón airgead dóibh, nuair a chonaic sé an Spiorad á thíolacadh trí leagan lámha na n‑aspal,
19. agus dúirt sé, “Tugaigí an chumhacht chéanna sin domsa freisin, ionas go nglacfaidh gach duine a leagaim lámha air an Spiorad Naomh.”
20. Ach arsa Peadar leis, “Drochrath ar do chuid airgid agus ort féin leis, as síleadh go bhféadfá tiolacadh Dé a cheannach le hairgead!
21. Nil cuid ná comhroinn agat sa ghnó seo, mar níl do chroí mar is ceart i súile Dé.
22. Déan aithreachas mar sin sa dhrochbheart sin agat, agus bí ag guí an Tiarna mar dhúil is go mb'fhéidir mírún do chroí a mhaitheamh duit.
23. Mar feicimse go bhfuil tú i ndomlas an tsearbhais agus i gcuing na héagóra.”